Uisce Éireann

  • Céard é ról Uisce Éireann?

    Is é Uisce Éireann fóntas nua náisiúnta uisce na hÉireann a bhfuil de chúram air seirbhísí uisce a sholáthar agus a fhorbairt ar fud na hÉireann.

    Bunaíodh é i mí an Mhárta 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht Seirbhísí Uisce 2013, agus cuirfidh Uisce Éireann seirbhísí uisce agus fuíolluisce ar fáil do na 34 Údarás Áitiúil le chéile faoi aon soláthraí seirbhíse náisiúnta amháin.
    Glacfaidh Uisce Éireann na cúraimí sin ar láimh de réir a chéile ó na hÚdaráis Áitiúla agus déanfar é sin ar bhonn céimnithe ó mhí Eanáir 2014. Tógfaidh sé thart ar chúig bliana ar Uisce Éireann a bheith lánbhunaithe; nuair a tharlóidh sé sin, beidh cúram air as feidhmiú na seirbhísí uisce poiblí lena n-áirítear bainistiú na sócmhainní náisiúnta uisce, cothabháil an chórais uisce, infheistíocht agus pleanáil, bainistiú tionscadal caipitil agus cúram do chustaiméirí agus billeáil.

    Chun tuilleadh eolais a fháil ar Uisce Éireann, tabhair cuairt ar www.water.ie

    Barr...

  • Cén uair a chuirfear méadair uisce isteach i mo cheantar?

    Téigh i dteagmháil, le do thoil, le hUisce Éireann maidir le cur isteach na méadar tí i gCathair na Gaillimhe.

    Sonraí Teagmhála: Teil: 1800 278 278 
    Tá na línte ar oscailt 24 uair an chloig, 7 lá na seachtaine.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoi mhéadair uisce, breathnaigh ar na sonraí ar www.water.ie

     

    Barr...