-
Céard í Foireann Bhainistíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
Tá Ról Feidhmeannach / Oibríochtúil ag an bhFoireann Bainistíochta do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus tá cúigear comhaltaí foirne lárnacha uirthi.
Cé hiad comhaltaí Fhoireann Bainistíochta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?
-
Brendan McGrath, Uasal – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Brendan McGrath, Uasal – Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe
Ríomhphost: chiefexecutive@galwaycity.ie
Beathaisnéis:
Tá níos mó ná 37 mbliana taithí ag Brendan McGrath, arbh as Tiobraid Árann ó dhúchas é, i Rialtas Áitiúil in Éirinn i naoi n-údarás contae agus baile éagsúla.D’oibrigh sé le Comhairle Chontae na Mí ar feadh beagnach 21 bhliain i rith trí thréimhse éagsúla. Ó thús mí Mheán Fómhair 2012, bhí sé ina Bhainisteoir Contae Gníomhach le Comhairle Chontae na Mí, go dtí gur ghlac sé le post mar Bhainisteoir Cathrach na Gaillimhe i mí an Mheithimh 2013.
Sula raibh sé ina Bhainisteoir Contae sa Mhí, bhí róil ag Brendan mar Stiúrthóir Seirbhísí i gcomhair Pleanála agus Iompair, Tithíochta, Seirbhísí Uisce, an Chomhshaoil, Pleanáil Dóiteáin Éigeandála agus an Phobail agus Fiontair.
I measc na gcontaetha eile ina raibh Brendan ag obair tá Loch Garman, Ros Comáin, Contae na Gaillimhe agus Cill Dara. Sular bhog sé ar ais chuig Comhairle Chontae na Mí i 1999, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin le Bord Fiontair Chontae Chill Dara, mar aon le bheith ina Oifigeach Forbartha Contae le Comhairle Contae Chill Dara.
Tá Céim Mháistreachta ag Brendan ó OÉ Mhá Nuad i mBainistíocht Fiontair agus i Maoiniú Tionscadail.
-
Ruth McNally, Bean Uasal – Stiúrthóir Seirbhísí
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí Corparáideach, Pobal, Bainistíocht Athraithe, Riosca Iniúchta, Acmhainní Daonna agus Teicneolaíocht Cumarsáide
Ríomhphost: -
Patricia Philbin, Bean Uasal – Stiúrthóir Seirbhísí
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí do Pleanáil, Tithíocht, Forbairt Eacnamaíochta & Cultúr
Ríomhphost: -
Patrick Greene, Uasal – Stiúrthóir Seirbhísí
Stiúrthóir Seirbhísí do Iompar, Gníomh Aeráide & Comhshaol, Áineas & Seirbhísí Taitneamhachta agus Uisce
Ríomhphost: