Pobal

  • Conas a Dhéanaim Fiosrú Preasa?

Is í an fhoireann Cumarsáide an chéad phointe teagmhála le Comhairle Cathrach na Gaillimhe le haghaidh gach fiosrú ó na meáin.

Chun fiosrú preasa nó meán a dhéanamh, déan teagmháil le:

  • Arlene Finn, Oifigeach Cumarsáide - (091) 536 829
  • Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge/ an Fhoireann Cumarsáide - (091) 536 538
  • Communications@GalwayCity.ie

Ba cheart gach ceist eile a chur chuig an Seirbhís do Chustaiméirí ag (091) 536 400 nó CustomerService@GalwayCity.ie

Tabhair faoi deara nach ndéantar monatóireacht ar bhosca isteach na foirne Cumarsáide lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre.

Fiosruithe Taobh Amuigh de na Gnáthuaireanta Oibre

Leanfaidh an fhoireann Cumarsáide d'fhreagairt agus de ghníomhú i gcás éigeandálaí a tharlaíonn lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre agus ag an deireadh seachtaine. Áirítear leis na éigeandálaí sin teagmhais thromchúiseacha aimsire, móréigeandálaí agus bagairtí ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht, ar an mbeatha agus ar réadmhaoin.

Bain úsáid as na teagmhálaithe thuas le haghaidh fiosruithe preasa le linn éigeandálaí lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre.

Chun teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís do Chustaiméirí i gcás éigeandála lasmuigh de na gnáthuaireanta oibre, cuir glaoch ar (091) 536 400.

 

Conas is féidir liom Ceangal a dhéanamh le Cuntais Meán Sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

Áirítear le cuntais meán sóisialta Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar chartlann Preaseisiúintí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe?

Is féidir leat rochtain a fháil ar na preaseisiúintí reatha ar an leathanach Nuachta.

Tar éis coicíse, is féidir rochtain a fháil ar scéalta nuachta tríd an gCartlann Nuachta:

 

Conas is féidir liom rochtain a fháil ar Threoirlínte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le brandáil?

Sonraítear i dTreoirlínte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidr le brandáil na clónna, pailéid dathanna agus sonraí lógó do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ba cheart na Treoirlínte maidir le Brandáil a léamh in éineacht leis an Achoimre ar Threoir Stíle Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, treoir a thacaíonn le hábhair a bheith níos inrochtana.

Má tá aon cheist agat faoi na Treoirlínte maidir le Brandáil nó maidir leis an Achoimre ar an Treoir Stíle, déan teagmháil le Arlene Finn, Oifigeach Cumarsáide - (091) 536 829 Communications@GalwayCity.ie

Íoslódáil Treoirlínte Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir le Brandáil

Íoslódáil an Achoimre ar Threoir Stíle Chomhairle Cathrach na Gaillimhe