Cad é sin?
I 2021, d’éirigh le ‘Glan suas é, a choileáin shalaigh!’ – cur chuige nua rannpháirtíochta pobail Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun dul i ngleic le salú ag madraí i gCathair na Gaillimhe – laghdú 60% ar shalú ag madraí a bhaint amach sa chúig cheantar trialach. Tá oibrithe deonacha á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe anois chun an feachtas rathúil a chur i bhfeidhm i gceantair nua sa chathair.
Tá an tionscnamh dírithe ar úinéirí madraí mífhreagracha nach nglanann suas i ndiaidh a gcuid madraí.
Chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhairle le Cumainn Chónaitheoirí éagsúla, Bailte Slachtmhara, chomh maith le grúpaí pobail agus gnó. Ghlac oibrithe deonacha páirt ann trí shalú ag madraí aonair a spraeáil agus a chomhaireamh ar bhonn seachtainiúil i gceantar sainithe (le péint spraeála cailc-bhunaithe atá neamhdhíobhálach don timpeallacht) agus tuairisciú ar ais do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Is feachtas an-fheiceálach agus neamhghnách é Glan suas é, a choileáin shalaigh!' a bhain cáil náisiúnta amach anuraidh. Chuaigh sé i dteagmháil le grúpaí pobail agus oibrithe deonacha agus bhain sé laghdú foriomlán 60% ar shalú ag madraí amach sna cúig cheantar trialach. Chonacthas laghdú 75% i gceann de na ceantair i dtréimhse 6 seachtaine. Chuir sé úinéireacht madraí fhreagrach chun cinn chomh maith agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le níos mó grúpaí pobail sna míonna atá amach romhainn.
Chomh maith leis an tacaíocht ó oibrithe deonacha, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe stionsal ar chosáin sna ceantair ina bhfuil fadhb leis an teachtaireacht 'Má shalaíonn siad, glan suas é!' agus cuirfidh sí póstaeir an-fheiceálach in airde.
Conas a ghlacaim páirt?
Más mian le Cumann Cónaitheoirí, grúpa Bailte Slachtmhara, grúpa pobail nó gnó obair dheonach a dhéanamh nó tuilleadh eolais a lorg, seol ríomhphost le do thoil chuig environment@galwaycity.ie. Bhuailfeadh foireann Chomhairle Cathrach na Gaillimhe leis na hoibrithe deonacha agus léireoidís conas an canna spraeála cailc-bhunaithe a úsáid go sábháilte.
Faoin Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997, tá oibleagáid dhlíthiúil ar úinéirí madraí glanadh suas i ndiaidh a bpeataí, má théann siad chuig an leithreas in áiteanna poiblí. Tá iad siúd nach nglanann suas i ndiaidh a madra faoi dhliteanas fíneáil €150 a fháil ar an láthair nó €3,000 a íoc sa chúirt má chúisítear iad mar gheall ar neamhíocaíocht