-
Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil
Tá an Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil (LAHL) ar fáil do dhaoine nach bhfuil in ann dóthain cistithe a fháil ó bhainc thráchtála chun teach a cheannach nó a thógáil. Is féidir an iasacht a úsáid le haghaidh aonaid réadmhaoine nua agus athláimhe araon, nó le haghaidh foirgnimh féintógtha. Is féidir na sonraí iomlána faoin Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil, lena n-áirítear critéir incháilitheachta, a fháil ag http://localauthorityhomeloan.ie
Conas iarratas a dhéanamh:
Ní mór d’iarratasóirí foirm iarratais um Iasacht Tithíochta Údaráis Áitiúil a chomhlánú, agus is féidir iad a íoslódáil anseo agus a chur ar ais chuig:
Comhairle Cathrach na Gaillimhe,
Halla na Cathrach,
Bóthar an Choláiste,
Gaillimh.H91 X4K8
-
Scéim Liúntais Morgáiste
Is rogha tithíochta sóisialta í an Scéim Liúntais Morgáiste a chuidíonn le tionóntaí agus ceannaitheoirí tionónta i dtithe údaráis áitiúil, ar mian leo a dtithe a thabhairt ar ais don údarás agus teaghas phríobháideach a cheannach nó a thógáil le go gcónaíodh siad féin ann. Déanann sé é seo trína n-aisíocaíochtaí morgáiste a laghdú thar na chéad chúig bliana dá morgáiste. Is é € 11,450 iníoctha thar chúig bliana méid an liúntais . Íoctar an liúntas go díreach leis an ngníomhaireacht iasachtaí agus mar thoradh air sin laghdaítear d’aisíocaíochtaí morgáiste sa chéad chúig bliana de réir mhéid bhliantúil ábhartha an liúntais, i.e.
- € 3,560 sa chéad bhliain
- €2,800 sa dara bliain
- €2,040 sa tríú bliain
- €1,780 sa cheathrú bliain
- €1,270 sa chúigiú bliain
Ní féidir leis an liúntas a íoctar in aon bhliain a bheith níos mó ná méid na n-aisíocaíochtaí morgáiste, agus ní mór don iarratasóir leanúint ar aghaidh ina cónaí/chónaí/gcónaí sa teaghas príobháideach mar ghnáth-áit chónaithe i rith na tréimhse 5 bliana lena mbaineann an liúntas. Iarr tuilleadh eolais ar an Roinn Iasachtaí.