Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe páirceáil rothar chun cinn
Páirceáil Rothar - Small Crane
Sheol Comhairle Cathrach na Gaillimhe léarscáil ar líne ar a dtaispeántar breis agus 1,040 spás páirceála rothar poiblí ar an tsráid atá ar fáil sa Chathair. Chuir Comhairle Cathrach na Gaillimhe 296 spás páirceála rothar nua in airde sa bhliain 2020 - ar méadú bliain ar bhliain 28% é seo in 2020. Leanadh ar aghaidh leis an gclár chun an stoc páirceála rothar a mhéadú in 2021, agus cuireadh 66 spás páirceála rothar breise ar fáil i Ráithe 1. Soláthrófar agus cuirfear seastáin bhreise in airde i mbliana (2021), le cistiú ón Údarás Náisiúnta Iompair.
Forbraíodh léarscáil pháirceála rothar Chathair na Gaillimhe leis na háiteanna a thaispeáint ina bhfuil breis agus 1,040 spás páirceála rothar ar an tsráid ar fáil sa chathair, agus cabhróidh sé le Comhairle Cathrach na Gaillimhe láithreacha a shainaithint ina gcruthódh páirceáil rothar bhreise tairbhí. Is féidir na pointí sonraí ar an léarscáil a chur ar fáil ar iarraidh, agus b’fhéidir go mbeidh siad ina ndíol spéise le haghaidh tionscadail mhic léinn, nó do ghrúpaí rothaíochta nó do shainchomhairleoireacht iompair ar mian leo cur leis na sonraí. Déanfar an léarscáil a nuashonrú de réir mar a chuirfear páirceáil bhreise rothar ar fáil, nó mar a dhéantar seastáin a athlonnú.
Páirceáil Rothar - Sr. William
Cuirfear áiseanna breise páirceála rothar ar fáil i gcomhthráth le dul chun cinn Ghréasán Raonta Rothar Chathair na Gaillimhe, agus freastalófar ar iarrataí ad hoc ar sheastáin nuair is féidir, e.g. a fhad agus a bhíonn seastáin ar fáil, agus go bhfuil an láthair a bheartaítear oiriúnach chun páirceáil rothar a shuiteáil ann. Cuireann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh mholtaí ó ghrúpaí rothaíochta agus abhcóideachta inrochtaineachta maidir le páirceáil rothar a sholáthar, trí roads@galwaycity.ie
Chun féachaint ar an léarscáil, cliceáil an nasc seo a leanas, le do thoil: Learscail Pairceail Rothar
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhféadfadh suíomhanna athrú o am go h-am, mar gheall ar chúiseanna oibríochta. Má fheiceann tú botúin ar an learscáil, cuir in iúl dúinn, le do thoil.