Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP)

English

Is é príomhaidhm an Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) na cuspóirí agus na gníomhartha is gá a leagan amach, ar feadh tréimhse sé bliana, chun forbairt eacnamaíoch agus forbairt áitiúil agus pobail Chathair na Gaillimhe a chur chun cinn agus tacú léi go díreach, agus i gcomhpháirtíocht le páirtithe leasmhara eile forbartha eacnamaíochta agus pobail.   Mar chreat d'fhorbairt eacnamaíoch agus d'fhorbairt pobail Chathair na Gaillimhe, is é an LECP an príomh-mheicníocht ag an leibhéal áitiúil chun gníomhartha ábhartha a eascraíonn as straitéisí agus beartais náisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil sainchúram áitiúil orthu a thabhairt chun cinn.

Is ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe atá an phríomhfhreagracht as forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus phobail a stiúradh sa chathair. Forbraíodh an LECP chun an fhreagracht seo a léiriú faoi Alt 66 den Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leasú le halt 44 den Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014.  Tá gnéithe eacnamaíocha agus pobail araon comhtháite san LECP agus bhí an próiseas foriomlán á threorú ag Grúpa Stiúrtha Comhairleach a bunaíodh in 2022 agus a tháinig le chéile in 2023 chun an próiseas pleanála a threorú. 

Sonraítear i gCreat LECP 2024 – 2029 5 Sprioc Ardleibhéil agus 17 gCuspóir Pobail agus Eacnamaíochta Inbhuanaithe. 

Tá Plean Forfheidhmithe LECP 2024-2025 bunaithe ar na Cuspóirí Ardleibhéil a leagtar amach i gCreat LECP 2024 – 2029.   Tá 63 gníomh i bPlean Forfheidhmithe 2024 - 2025 chomh maith le príomhthorthaí ábhartha chun meastóireacht a éascú.  Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe c.75% de na gníomhartha a sheachadadh go díreach agus seachadfar 25% i gcomhpháirtíocht le gníomhaireachtaí eile / go díreach ag gníomhaireachtaí eile.

Ghlac comhaltaí tofa Chomhairle Cathrach na Gaillimhe Creatphlean LECP 2024 – 2029 agus Plean Forfheidhmithe LECP 2024 – 2025 ag a gcruinniú i mí Eanáir 2024 tar éis an phróisis chuimsithigh ar tugadh faoi i gcomhréir le treoirlínte agus reachtaíocht náisiúnta agus faoi réir na measúnuithe, na dtoilithe agus na gceaduithe riachtanacha go léir a chur i gcrích go sásúil.

  • Cad is Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) ann?

    Beidh ar gach údarás áitiúil Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) a bheith ullmhaithe acu dá gceantar faoi dheireadh mhí na Nollag 2015.

    Mairfidh an plean ar feadh tréimhse sé bliana agus leagfar amach leis cuspóirí agus gníomhartha chun a) forbairt eacnamaíochta a chur chun cinn agus tacú le forbairt eacnamaíochta agus b) forbairt áitiúil agus pobail i gCathair na Gaillimhe a chur chun cinn agus tacú leis.

    Tabharfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe iad féin faoi seo agus beidh orthu oibriú i gcomhar le páirtithe leasmhara eacnamaíochta agus forbartha pobail eile freisin. Beidh tionchar ag an LECP ar fhorbairt eacnamaíochta, shóisialta agus pobail i gCathair na Gaillimhe go dtí 2021.

    Top...

  • Cé a ullmhóidh an LECP?

    Is é an Coiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC) a ullmhóidh an ghné pobail den Phlean.

    Is í Comhairle Cathrach na Cathrach, tríd an gCoiste Beartais Straitéiseacha d’Fhorbairt Eacnamaíoch (SPC) a ullmhóidh an ghné eacnamaíoch den Phlean. Déanfar an dhá ghné a chomhtháthú i bPlean Áitiúil Eacnamaíochta agus Pobail (LECP) agus glacfaidh an Chomhairle Cathrach leis. Bunófar Grúpa Stiúrtha Comhairleach chun cuidiú leis an LECP a dhréachtú, a ghlacadh agus monatóireacht a dhéanamh air.

    Ní mór don phlean a bheith ag teacht le croí-straitéisí agus le cuspóirí Phlean Forbartha Chathair na Gaillimhe, leis na Treoirlínte Pleanála Réigiúnacha agus le straitéisí réigiúnacha spáis agus eacnamaíocha.

    Top...

  • Cad é an Coiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC)?

    Is coiste é an LCDC atá comhdhéanta d’ionadaithe ón rialtas áitiúil agus ó earnálacha forbartha áitiúla, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí agus ionadaithe leasanna sóisialta, eacnamaíoch, comhshaoil agus pobail.

    Is é an cuspóir atá le LCDC cur chuige comhleanúnach agus comhtháite maidir le forbairt áitiúil agus pobail a fhorbairt, a chomhordú agus a fheidhmiú. Bunaíodh LCDC Chathair na Gaillimhe in 2014 agus tá 17 comhalta rannpháirteach. Is é an Comhairleoir Donal Lyons cathaoirleach LCDC Chathair na Gaillimhe.

    Top...

  • Cad é an Coiste Beartais Straitéiseacha d’Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontair agus Cultúir (SPC)?

    Is coiste é an SPC atá comhdhéanta de 8 n-ionadaí ón earnáil rialtais áitiúil agus 4 ionadaí ó earnálacha eile.

    Is é cuspóir an SPC cuidiú le próiseas cinnteoireachta na Comhairle agus comhairle a thabhairt maidir le beartais agus cur le chéile beartais faoi Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar agus Cultúr sula ndéanfar iad a bhreithniú lena nglacfaidh ag ionadaithe tofa na Comhairle in iomláin.

    Bunaíodh SPC d’Fhorbairt Eacnamaíoch, Tacaíocht Fiontair agus Cultúir Chomhairle Cathrach na Gaillimhe in 2014 agus bhí a gcéad chruinniú acu i mí Feabhra 2015. Is é an Comhairleoir Pádraig Conneely an cathaoirleach.

    Top...

  • Cad a bhíonn i gceist agus LECP á ullmhú?

    Tá cúig príomhchéim i gceist le LECP a ullmhú:

    • 1. Ullmhúchán: Ullmhófar ráiteas socheacnamaíoch do Chathair na Gaillimhe, ina ndéanfar cur síos ar an gcás sóisialta agus eacnamaíochta agus ina léireofar spriocanna ardleibhéil, agus beidh sé seo bunaithe ar an bhfianaise is fearr a bheidh ar fáil.
    • 2. Comhairliúchán Poiblí: Tabharfar cuireadh don phobal agus d’eagraíochtaí leasmhara a dtuairimí a thabhairt ar an Ráiteas Socheacnamaíoch agus ar na spriocanna ardleibhéil do Chathair na Gaillimhe.
    • 3. Gníomhartha a fhorbairt: Forbrófar gníomhartha soiléire intomhaiste chun na tosaíochtaí pobail, sóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach a bheidh aitheanta do Chathair na Gaillimhe don sé bliana atá amach romhainn.
    • 4. An plean a thabhairt chun críche: Breithneoidh an LCDC agus SPC aiseolas ón bpobal agus ó eagraíochtaí leasmhara sula dtabharfar an plean chun críche faoi mhí na Nollag 2015.
    • 5. Monatóireacht agus athbhreithniú ar fheidhmiú an phlean: Déanfar athbhreithnithe rialta ar fheidhmiú an LECP ag an SPC agus ag an LCDC go dtí 2021.

    Top...

  • An féidir liom féachaint ar an Ráiteas Socheacnamaíoch do Chathair na Gaillimhe?

    Tá teacht ar Ráiteas Socheacnamaíoch do Chathair na Gaillimhe anseo

    Top...

  • Cad iad na spriocanna ardleibhéil a aithníodh sa Ráiteas Socheacnamaíoch?

    Aithníodh ceithre sprioc ardleibhéil do Chathair na Gaillimhe, bunaithe ar na nithe a bhraitheann na páirtithe leasmhara gurb iad sin na príomhthosaíochtaí d'fhorbairt shóisialta, phobail agus eacnamaíoch an chontae.

    Sprioc 1: Gaillimh a fhorbairt agus a chur chun cinn mar Réigiún Cathrach cruthaitheach den chéad scoth.

    • Aitheantas a thabhairt d’ainmniúchán na Gaillimhe mar Chathair Scannán UNESCO agus cur leis an tábhacht atá leis an ainmniúchán sin.
    • Tacú le tairiscint na Gallimhe ar Phríomhchathair an Chultúir san Eoraip 2020 agus sin a chur chun cinn.
    • Luach acmhainní nádúrtha, cultúir agus oidhreachta na Gaillimhe a chosaint, a fheabhsú agus cur leo an méid agus is féidir.
    • Íomhá na Gaeilge i nGaillimh a fhorbairt agus Cathair na Gaillimhe a chur chun cinn mar chathair atá dhátheangach.

    Sprioc 2. Gaillimh mar Réigiún Cathrach Nuálaíoch a fhorbairt agus a chur cinn cinn.

    • Timpeallacht don nuálaíocht, don fhiontar agus don fhiontraíocht a fhorbairt, a spreagadh agus a chruthú, lena n-áirítear fiontar pobail/sóisialta.
    • Sraith éiceachórais nuálacha a chruthú agus tacú leo, ag tosú le Ceantar Núalaíochta Chathair na Gaillimhe.
    • Ag obair le chéile chun infheistíocht dhíreach ó thar lear a mhealladh go Cathair na Gaillimhe.
    • Spiorad na cruthaitheachta, na nuálaíochta agus na fiontraíochta a spreagadh i scoileanna.
    • Samhail nua rannpháirtíochta agus idirghníomhaíochta a chruthú laistigh agus idir earnálacha agus aisteoirí, lena n-áirítear institiúidí tríú leibhéil agus ionaid taighde, chun tacú le foghlaim, aistriú eolais agus comhoibriú.
    • Deiseanna oideachais agus oiliúna iomchuí agus saindírithe a sholáthar chun freastal ar riachtanais ghnólachtaí, fhostóirí agus dhaoine atá dífhostaithe, i gcomhar le comhaltaí den Choiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC).

    Sprioc 3. Éiceachóras uirbeach féinchothaitheach a spreagadh i nGaillimh mar phríomhchathair réigiúnach an Iarthair.

    • Uathúlacht Chathair na Gaillimhe agus an réigiúin a shainmhíniú agus a chothú agus, as sin, straitéis margaíochta láidir agus comhleanúnach a fhorbairt, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, do Bhranda na Gaillimhe.
    • Nascálacha a chruthú idir na hearnálacha go léir, lena n-áirítear, bia, cultúr, ICT agus oideachas, chun cur an méid agus is féidir le cumas gach earnáil, leo féin agus le chéile.
    • Pobail bhríomhara agus mórtas láidir áite a chruthú agus tacú leo.
    • Bonneagar straitéiseach a sholáthar, a choimeád agus a fheabhsú chun tacú le forbairt eacnamaíochta agus pobail.
    • Tacú le forbairt inbhuanaithe trí phrionsabail chomhshaoil, agus cur an méid agus is féidir le cumas chomhshaol nádúrtha na cathrach ag an am céanna.

    Sprioc 4. A chinntiú gur Réigiún Cathrach cothrom agus uilechuimsitheach í Cathair na Gaillimhe.

    • Uilechuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn trí bhochtaineacht a laghdú agus míbhuntáiste a mhaolú.
    • Tacú le tairiscint na Gaillimhe ar Phríomhchathair Óige na hEorpa 2017 agus sin a chur chun cinn.
    • Comhtháthú iomlán agus comhionannas do chách laistigh dár bpobal a chinntiú.
    • An luach a thugann éagsúlacht do Réigiún na Cathrach a aithint agus tacú leis.
    • Ag obair i gcomhar chun cláir náisiúnta agus áitiúla a leathadh amach, mar SICAP, tríd an gCoiste Áitiúil Forbartha Pobail (LCDC).

    Top...


Feedback

IMAGE: Your Europe Logo