Latest News

Deontas Atosaithe COVID-19 do Ghnólachtaí Beaga


Deontas Atosaithe COVID-19 do Ghnólachtaí Beaga

Ar an 15 Bealtaine, d’fhógair an Aire Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta, Heather Humphreys, TD., Deontas Atosaithe a thabharfaidh cabhair dhíreach deontais do mhicraghnólachtaí agus gnólachtaí beaga.

Is ranníocaíocht é le cabhrú leo leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus hathfhostú oibrithe, nó le go mbeadh gnólacht infheidhme agus ag nascadh arís le fostaithe agus custaiméirí, i ndiaidh iaimh COVID-19.

Is féidir an deontas a úsáid le costais leanúnacha seasta a íoc, le stoc a athsholáthar agus le bearta a bhaineann le sábháilteacht fostaithe agus custaiméirí a íoc.

Caithfidh go bhfuil an gnólacht lonnaithe i gCathair na Gaillimhe. Má tá do ghnólacht lonnaithe i gContae na Gaillimhe, caithfear an t-iarratas a dhéanamh le Comhairle Contae na Gaillimhe.

 

Critéir le cáiliú don Deontas

Is féidir le haon ghnólacht a bhfuil áitreabh inrátáilte ó thaobh tráchtála de aige, nó a n-íoctar rátaí thar do cheann agus a bhfuil siad inchurtha i leith an áitribh ghnó a bhfuil tú ann cur isteach ar an Deontas. Caithfidh sé freisin go bhfuil:

· Láimhdeachas bliantúil de níos lú ná €5m a bheith aige agus 50 nó níos lú fostaí a bheith aige.

· caillteanas ioncaim de 25%+ réamh-mheasta a bheith fulaingthe aige ón 1 Aibreán go dtí an 30 Meitheamh 2020

· Tiomantas a thabhairt fanacht oscailte nó athoscailt má bhí sé dúnta;

· A thabhairt le fios go bhfuil sé i gceist aige fostaithe a choinneáil atá ar an Scéim Fóirdheontais Pá Sealadach agus an fhoireann atá ag fáil Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime a athfhostú, más infheidhme.

 

Méid Deontais

Beidh na deontais ar chomhluach éileamh do chuid rátaí gnó i leith na bliana féilire 2019 amháin, faoi réir íosmhéid íocaíochta de €2,000 agus uasmhéid íocaíochta de €10,000. Más rud é gur laghdaíodh d’éileamh ar rátaí tar éis achomhairc, beidh feidhm ag an ráta achomhairc ar méid an deontais má tá an deontas os cionn €2,000.

Ní bheidh tionchar ag Neamhíoc Rátaí i 2019 nó Riaráiste Rátaí ar íocaíocht an Deontais seo.

 

Íocaíocht an Deontais: Íocfar an deontas trí aistriú leictreonach chuig cuntas gnó mar a sonraíodh ar an bhfoirm iarratais.

 

Caithfear iarratais as an Deontas Atosaithe a dhéanamh chuig: www.galwaycityie/restart 

 

· Caithfear an fhoirm a chomhlánú ar líne. Is foirm náisiúnta caighdeánaithe í seo.

· Caithfear 33 ceist a fhreagairt agus foirm amháin a uaslódáil (deimhniú ar do shonraí do chuntais bhainc).

· Treoir le 21 CC

· Foirm Féindearbhúcháin (Ba cheart do ghnólachtaí cáipéisíocht a thacaíonn leis seo a choinneáil, mar d’fhéadfaí go mbeadh spotseiceáil ann leis an dearbhúchán a fhíorú.

 

Braithfidh próiseáil na n-iarratas agus íocaíocht an Deontais Atosaithe ar an mborradh iarratas a bheas ann ar dtús, ach fad is atá sé indéanta, beidh tosaíocht aige de réir na gcéimeanna atosaithe atá beartaithe sa Treochlár náisiúnta.

Meicníocht Achomhairc: Is féidir achomharc a dhéanamh ar aon chinneadh a ndiúltaítear dó chuig AppealRestart@galwaycity.ie suas go dtí an 30 Meán Fómhair 2020.

Fiosrúcháin: Caithfear gach fiosrúchán a dhéanamh chuig ReStartGrant@galwaycity.ie. Beidh foireann ann a bheas tiomanta de dhíriú ar an gcuntas ríomhphoist seo agus déileálfar le gach fiosrúchán.

Gnólachtaí nach bhfuil i dteideal an Deontais?

·         Ilsiopaí sraithe, i.e., gnólacht atá mar chuid de ghrúpa siopaí sraithe ar le haonán é agus atá á bhainistiú ag aonán, nach bhfuil an brainse neamhspleách ó thaobh airgeadais,

·         Eagraíochtaí neamhthráchtála ar nós áitribh phobail agus spóirt (ina n-áirítear siopaí carthanachta agus áitribh phobail agus spóirt le beár)

·         Gnólachtaí nach n-oibríonn ó áitribh atá rátáilte ó thaobh tráchtála (fir cheirde, soláthróirí seirbhíse, etc.

·         Áitribh a bhí folamh roimh an ngéarchéim COVID-19.

Mura ndearnadh measúnú rátaí ar áitreabh i 2019: Déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú cé na rátaí a bheadh ann do 2019, agus má tá cúis ar bith ann nach féidir meastachán a dhéanamh, íocfar an íosmhéid de €2000.

Is é an dáta deiridh d’iarratais ná an 31 Lúnasa 2020