Latest News

Léiriú Spéise á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe in Iar-Láithreán na hOifige Turasóireachta ar Bhóthar na Trá


Léiriú Spéise á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe in Iar-Láithreán na hOifige Turasóireachta ar Bhóthar na Trá

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag lorg léiriú spéise sa iar-Oifig Turasóireachta. Tá stair fhada chéimiúil ag Bóthar na Trá mar phríomhcheann scríbe turasóireachta feadh Slí an Atlantaigh Fhiáin. Is deis iontach é seo don áititheoir ceart tionchar chun maitheasa a imirt ar Bhóthar na Trá tríd an láithreán seo a úsáid ar shlí shamhlaíoch. Ba chóir do thogra ar bith a bheith chun leasa Bhóthar na Trí, don phobal ar iarthar na cathrach, don gheilleagar, don turasóireacht agus do mhuintir na Gaillimhe i gcoitinne.

Beart talún 0.13 heicteár atá sa láithreán, agus é ag féachaint amach ar Phromanád Bóthar na Trá agus ar Chuan na Gaillimhe. Tá slí isteach air ó Chéide na gCúig Chéad agus tá sé láimh le Seapoint Complex agus Galway Altantaquarium. Tá radharc den scoth ón láithreán amach ar Chuan na Gaillimhe agus é suite láimhe le carrchlós poiblí Toft agus tá seirbhís mhaith iompar poiblí aige.

Tá foirgneamh ar an láithreán a bhí ina Oifig Eolais do Thurasóirí, tráth. Tá tuairim is 1915 tr. cr. san fhoirgneamh nua-aimseartha aon urlár seo agus líonann sé cuid bheag den láithreán.

Zónáil na Talamhúsáide:
Tá an láithreán zónáilte le haghaidh Caitheamh Aimsire agus Taitneamhachta i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017 - 2023. Iarrfar ar an iarratasóir is dóigh a roghnófar cead pleanála a lorg don tionscadal laistigh de 12 mhí ó cheadú a fháil don tionscadal.

Léiriú Spéise:

Ní mór na nithe seo a leanas a chur ar fáil sa léiriú spéise:

  1. Togra - Aighneacht scríofa ina mionsonraítear an togra agus plean gnó 5 bliana
    (Ba chóir d’aon léiriú spéise míniú a thabhairt ar thionchar eacnamaíoch na gníomhaíochta sa cheantar)
  2. Réamhdhearadh d’athchóiriú an struchtúir nó d’athfhorbairt an láithreáin (An láithreán le ligean faoi mar atá)
  3. Taithí - Cúlra / CV an iarratasóra & an oibreora atá beartaithe don láithreán.
  4. Togra airgeadais - Meastacháin ar chostas na hathfhorbartha beartaithe agus conas a mhaoineofar an tionscadal


Ní mór léirithe spéise a chur chuig Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Gheofar tuilleadh eolais ar an deis seo agus is féidir coinne a dhéanamh chun féachaint ar an bhfoirgneamh atá ann anois ach glaoch a chur ar an roinn Forbartha Eacnamaíche de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ní mór léirithe spéise a chur isteach i ríomhphost chuig candc@galwaycity.ie chuig an roinn Forbartha Eacnamaíche de Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar nó roimh a 12 meán lae ar an 16 Samhain 2020.

Critéir Mheasúnachta:
Seo na critéir a úsáidfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus léirithe spéise maidir leis an láithreán seo á meas: