Latest News

Meabhrúchán Deiridh: Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2020


Meabhrúchán Deiridh: Measúnú Ar Riachtanais Tithíochta 2020

De réir Alt 21 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009 agus Alt 6 d’Acht na dTithe (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998, tá treoir tugtha ag an Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil do Chomhairle
Cathrach na Gaillimhe chun Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a chomhlíonadh do 2020. Tá an Chomhairle tar éis scríobh chuig iarratasóirí atá ar an liosta feithimh tithíochta faoi láthair chun athmheasúnú a dhéanamh an bhfuil siad incháilithe do thacaíocht tithíochta.


MURA SEOLFAIDH TÚ AR AIS AN FHOIRM DON MHEASÚNÚ AR RIACHTANAIS TITHÍOCHTA, D’FHÉADFAÍ D’AINM A BHAINT DEN LIOSTA FEITHIMH TITHÍOCHTA AGUS CAILLFIDH TÚ GACH TEIDLÍOCHT ATÁ AGAT AR THITHÍOCHT.


MÁ DHÉANANN TÚ IARRATAS AN ATHNUAIR AG DÁTA NÍOS DÉANAÍ D’FHÉADFAÍ NACH dTABHARFAÍ CREIDIÚINT DUIT DON AM ATÁ CAITE ROIMHE SIN AGAT AR AN LIOSTA FEITHIMH TITHÍOCHTA.


IS É Dé hAoine AN 16 Deireadh Fómhair 2020 AN DÁTA DEIRIDH A nGLACFAR LEIS AN MEASÚNÚ AR RIACHTANAIS TITHÍOCHTA 2020.


NÍ CHUIRFEAR AON SÍNEADH AMA EILE TAR ÉIS AN DATA SIN


Má bhíonn aon cheisteanna agat nó má theastaíonn aon chúnamh uait chun an Measúnú ar Riachtanais Tithíochta a chomhlánú, téigh i dteagmháil le do thoil le ceann acu seo a leanas:


• An tAonad Tithíochta, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla an Chontae, Bóthar an Choláiste, Gaillimh 091 894370 / ssha@galwaycity.ie
• Ionad Lae COPE na Gaillimhe, Bóthar Shéamais Uí Chuirc, An Caisleán Nua, Gaillimh 091 525259
• COPE Seirbhísí Cluinne na Gaillimhe, Teach Calbro, Bóthar Thuama, Gaillimh, 091-527571
• Pobal Simon na Gaillimhe, 18 Ionad Bhóthar Thuama, Bóthar Thuama, Gaillimh, 091-381828
• Gluaiseacht Taistealaithe na Gaillimhe, 1 An Plaza, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh 091 765390
• Ionad Comhairle Threshold na Gaillimhe, 5 Cnoc na Radharc, Gaillimh 091 563080
• Seirbhís na Gaillimhe d’Imircigh, 3 An Plaza, Bóthar Áth Cinn, Gaillimh 091 773466