Latest News

Tionscadal tithíochta modúlaigh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Iontabhas Peter McVerry curtha ar ghearrliosta do Ghradam Allianz Tithíochta Pobail 2021


Tionscadal tithíochta modúlaigh de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus Iontabhas Peter McVerry curtha ar ghearrliosta do Ghradam Allianz Tithíochta Pobail 2021

- Caith do vóta ó Dé Luain 6 Meán Fómhair

Cuireadh Mol Teaghlaigh Modúlaigh An Taoibh Thiar i nGaillimh, an chéad cheann in Éirinn, ar ghearrliosta do Ghradam Allianz Tithíochta Pobail 2021 de chuid Chomhairle um Tithíocht Shóisialta na hÉireann. Den chéad uair freisin, bronnfar Gradam Rogha an Phobail 2021, ina dtugtar an deis do bhaill den phobal tacú le tionscadal ar dóigh leo go bhfuil aitheantas tuillte aige.

Cuirfear tús leis an vótáil ar Dé Luain 6 Meán Fómhair 2021 go dtí 13 Meán Fómhair ag : https://icsh.ie/awards/community-housing-public-choice-award-2021/

Is seirbhís saintógtha í an tseirbhís easpa dídine teaghlaigh seo, a d’fhorbraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus Iontaobhas Peter McVerry i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, agus an Ghníomhaireacht Tithíochta.

Is éard a dhéanann an tsaoráid ná cóiríocht a sholáthar do theaghlaigh ar bhonn sealadach fad is atá siad ag lorg réiteach fadtéarmach ar an riachtanas tithíochta atá acu, le cúnamh ó lucht bainistíochta Iontaobhais Peter McVerry a bhíonn ar an láthair 24/7. Sa mhol, tá cúig aonad déag ina bhfuil dhá agus trí sheomra codlata. Tá a chistin féin ag gach aonad mar aon le seomra bia agus seomra folctha. Tá clós súgartha ar an láthair freisin.

Chuaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun caidrimh agus comhairliúcháin phoiblí fhairsing le háitritheoirí áitiúla agus le hionadaithe áitiúla roimh ré agus fad is a bhí an tionscadal ar dul ar aghaidh chun a chinntiú go rachfaí i ngleic leis na saincheisteanna go léir. Mar thoradh, tacaíonn an pobal áitiúil go láidir leis an bhforbairt.

Cuireann an saoráid nua seo ar chumas teaghlaigh maireachtáil go neamhspleách, cur lena scileanna saoil agus déileáil go héifeachtach le hIontaobhas Peter McVerry agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe  chun teach a fháil go fadtéarmach.

Má mheasann tú go bhfuil tionchar dearfach ag an tionscadal seo, logáil isteach, le do thoil, agus caith do vóta ar son an tionscadail roimh Dé Luain 13 Meán Fómhair.