
Tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra, leis seo, do phátrúin Pháirc Mílaoise na bPáistí, Páirc Mhic Craith, Páirc Claude Toft agus Páirc na Cúile go bhfuil oibreacha uasghrádaithe le tosú i míonna na Nollag agus Eanáir ar na ceithre chlós súgartha.
Áiríonn sé seo na hoibreacha athchóirithe seo a leanas: leathnófar Páirc Mílaoise na bPáistí trí limistéar súgartha gainimh a chur leis, tollán a nascfaidh an ceann atá ann cheana leis an gceann nua, agus limistéar inrochtana ag cathaoireacha rothaí le táblaí gainimh. Is éard a bheidh i gceist le huasghrádú clós súgartha Pháirc Mhic Craith ziplíne a shuiteáil, an clós súgartha a leathnú agus cruach barr bogha clúdaithe le púdar galbhánaithe a chur in áit an fháil adhmaid. Is éard a bheidh i gceist i bPáirc Claude Toft luascán ionchuimsitheach ‘we go’ a shuiteáil atá inrochtana d’úsáideoirí de gach cumas agus bainfidh Páirc na Cúile tairbhe as uasghrádú dromchlaí daite, cluichí stionsail a chur ar an talamh agus painéil chéadfacha agus suíocháin.
Is féidir fiosrúcháin maidir leis na hoibreacha seo a dhíriú chuig teileafón na Rannóige Áineasa agus Taitneamhachta ag 091-536400.