
Tugtar fógra leis seo go bhfuil Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe ullmhaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, de réir Alt 12 d’Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), le haghaidh na tréimhse 2023-2029.
Cuimsítear an méid seo a leanas i bDréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe:
- Imleabhar 1: Ráiteas Scríofa
- Imleabhar 2: Mapaí
- Imleabhar 3: Measúnachtaí Timpeallachta den Phlean, lena n-áirítear: Tuarascáil Chomhshaoil Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA), Tuarascáil Tionchair Natura (NIR) agus Measúnú Straitéiseach Riosca i gcás Tuilte (SFRA)
Fáiltítear roimh aighneachtaí i scríbhinn maidir le haon ghné den phlean i rith thréimhse na taispeána poiblí.
Is é an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí/breathnóireachtaí, Dé Céadaoin, an 13 Aibreán 2022.
Naisc
Fógra Poiblí (PDF) Dréachtphlean Forbartha 36 Mb (PDF) Léarscáil na Cathrach Foriomlán - Criosú agus Cuspóirí úsáide talún (PDF) Léarscáil Lárionad na Cathrach - Criosú agus Cuspóirí Úsáide Talún (PDF) Tuarascáil Chomhshaoil Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (SEA) (PDF) Thuarascáil Tionchair Natura (NIR) (PDF) Measúnú Straitéiseach Riosca i gcás Tuilte (SFRA) (PDF)
Cáipéisí Tacaíochta
An Straitéis Tithíochta agus HNDA (PDF) An Straitéis um Dhlús Uirbeach agus Airde Foirgneamh (PDF)