
FÓGRA SUÍMH
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
An tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú)
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú) - Cuid 10
Iarratasóir: Comhairle Cathrach na Gaillimhe – An Rannóg Tithíochta
Láthair: 17-20 Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, Gaillimh
Fógra Iarratais leis an mBord Pleanála ar Fhaomhadh
FÓGRA DE BHUN: ALT 177AE DEN ACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2000 (ARNA LEASÚ) AGUS NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT, 2001 (ARNA LEASÚ) COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE 17-20 BÓTHAR NA GCEANNAITHE ÍOCHTARACH FORBAIRT ÚSÁIDE MEASCTHA
Tugtar fógra, leis seo, go mbeartaíonn Comhairle Cathrach na Gaillimhe faomhadh a lorg ón mBord Pleanála chun tabhairt faoi fhorbairt ina ndéanfar Uimhreacha 17-20 ar Bhóthar na gCeannaithe Íochtarach, tithe cónaithe sraithe agus gach teach amuigh coimhdeach agus balla teorann a scartáil agus forbairt úsáide measctha bheartaithe 5 stór (a bhfuil forbairt 1 stóir mar chuid de) a thógáil ina bhfuil; caifé, ionad cultúir, 12 aonad árasáin tithíochta sóisialta agus ardán inrochtana dín ag 17-20 Bóthar na gCeannaithe Íochtarach, Cathair na Gaillimhe.
Is éard a bheidh san fhorbairt úsáide measctha 5 stór (ina bhfuil forbairt 1 stóir i gceist mar chuid de):
Caifé, (b) Ionad Cultúir, (c) Clós Clúdaithe ar urlár na talún, (d) 12 aonad árasáin tithíochta sóisialta ina bhfuil: (i) 5 árasán aon seomra leapa (ii) 7 n-árasán dhá sheomra leapa ag a bhfuil ardán inrochtana dín; agus (e) oibreacha forbartha tacaíochta, an méid seo a leanas ina measc (i) geata rochtana, (ii) comharthaíocht, (iii) stóráil araidí, (iv) trealamh gléasra, (v) claíocha teorann nua suímh, agus (vi) na hoibreacha gaolmhara forbartha suímh agus na hoibreacha coimhdeacha eile go léir.
Ullmhaíodh Ráiteas Tionchair Natura maidir leis an bhforbairt bheartaithe.
Is féidir leis an mBord Pleanála faomhadh a thabhairt don iarratas ar fhorbairt le nó gan choinníollacha nó an t-iarratas ar fhorbairt a dhiúltú.
Tá cóip den Ráiteas Tionchair Natura agus de Phleananna agus de Shonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag www.galwaycity.ie/planning-news Beidh cóip den Ráiteas Tionchair Natura agus de Phleananna agus de Shonraí na forbartha a bheartaítear ar fáil freisin d’iniúchadh ag an bpobal ag Oifigí Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Cathair na Gaillimhe, ón 3 Feabhra 2022 go dtí an 13 Aibreán 2022, na dátaí siúd san áireamh, ó 10am go 1pm ó Luan go hAoine, nó lena gceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnta atá ar chóip a dhéanamh.
Féach ar na Doiciméid: Merchants Road Lower Mixed Use Development - Part X
Mar gheall ar phaindéim Covid-19, ní bheidh oifigí na Comhairle inrochtana ach trí choinne a dhéanamh roimh ré. Déan teagmháil, le do thoil, le Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an nguthán trí ghlaoch ar 091-536599 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig planning@galwaycity.ie má bhíonn aon cheisteanna agat nó más mian leat coinne a shocrú. Is féidir aighneachtaí nó breathnóireacht a dhéanamh i scríbhinn le An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoilbhríde, Baile Átha Cliath, D01 V902 tráth nach déanaí ná 5.30pm an 13 Aibreán 2022 maidir le:
- Impleachtaí na forbartha a bheartaítear i leith pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe sa limistéir atá i gceist;
- Na héifeachtaí dóchúla ar an timpeallacht a bheidh ag an bhforbairt a bheartaítear, agus
- Éifeachtaí dóchúla suntasacha na forbartha a bheartaítear ar Shuíomh Eorpach, má thugtar faoin bhforbairt.
Féadfaidh duine bailíocht aon chinnidh den saghas sin a dhéanfaidh an Bord Pleanála a cheistiú trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach faoi Ordú 84 de Rialacha na Cúirte Uachtaraí (IR Uimh. 15 de 1986) i gcomhréir le halt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Is féidir eolas praiticiúil ar an meicníocht athbhreithnithe a fháil ó láithreán gréasáin an Bhoird, www.pleanala.ie, nó ar an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh, www.citizensinformation.ie
Síniú:
Patricia Philbin,
Stiúrthóir Seirbhísí, Pleanáil, Tithíocht, Forbairt Timpeallachta agus Cultúr
Nuashonraíodh an Fógra Suímh seo bunaithe ar Fógra Poiblí Aguisín a foilsíodh an 3 Márta 2022 a cheartaigh na dátaí don tréimhse chigireachta poiblí agus an tréimhse d’aighneachtaí nó breathnóireacht leis an mBord Pleanála