Latest News

IMEACHT CEADÚNAIS FAOIN AER - OLE 1/2021 - RISE LIVE


IMEACHT CEADÚNAIS FAOIN AER -  OLE 1/2021 - RISE LIVE

IMEACHT CEADÚNAIS FAOIN AER

OLE 1/2021

RISE LIVE

FÉILE LAE FAOIN AER

 

Tá sé beartaithe ag Entertainers.ie imeacht teaghlaigh faoin aer a reáchtáil de réir Chuid XVI den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 & gach Leasú ina dhiaidh sin. Faoi CHUID XVI den ACHT UM PLEANÁIL & FORBAIRT, 2000 (arna leasú) & Cuid 16 de na Rialacháin um Pleanáil & Forbairt, 2001 (arna leasú) teastaíonn ceadúnas maidir le himeachtaí faoin aer a reáchtáil. Is imeacht é na himeachtaí a fhorordaítear chun críche an Achta ina bhfuil lucht féachana de 5,000 nó níos mó.

Is éard a bheidh san imeacht ná ceol beo, ar feadh dhá lá, ar an 4 Meitheamh 2022 ón 17:00 – 22:30 agus an 5 Meitheamh 2022 ón 15:00 – 22:30 ag: Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, Gaillimh.

Meastar go mbeidh an lucht féachana níos mó ná 5,000 ach nach rachaidh sé thar 26,289 ag an imeacht seo. Is féidir an togra seo, lena n-áirítear dréachtphlean chun an t-imeacht a bhainistiú, a iniúchadh ar líne nó trí choinne sceidealta san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, le linn uaireanta oscailte oifige a bhaineann le covid-19 ar feadh tréimhse 3 seachtaine ó dháta foilsithe an imeachta.

Is féidir aighneacht nó tuairimí a dhéanamh trí ríomhphost chuig: planning@galwaycity.ie  nó trí litir a sheoladh chuig an Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Ní mór go mbeadh ainm agus seoladh iomlán an duine/na ndaoine a dhéanann an aighneacht agus nuair is ábhartha, an comhlacht nó an eagraíocht a ndéantar ionadaíocht air/uirthi, a bheith san áireamh in aighneachtaí nó tuairimí. Tabhair ar aird le do thoil go ndéanfar tuairimí nó aighneachtaí a phoibliú ar an láithreán gréasáin agus in Oifigí na Roinne Pleanála.

Ar Taispeáint:      Déardaoin an 27 Eanáir, 2022.

                          Déardaoin an 17 Feabhra, 2022.   

An dáta deireanach le haghaidh aighneachtaí nó tuairimí: Déardaoin an 17 Feabhra, 2022 (faoi 16.00) Tabhair ar aird le do thoil nach nglacfar le haighneachtaí nó tuairimí déanacha.