Latest News

An Cuarbhóthar - Cuid 8


An Cuarbhóthar - Cuid 8

NA hACHTANNA UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (arna leasú)

NA RIALACHÁIN PLEANÁLA AGUS FORBARTHA 2001 (arna leasú) – Cuid 8

 

Iarrthóir:  Comhairle Cathrach na Gaillimhe – An Roinn Tithíochta

Suíomh:   An Cuarbhóthar, Rathún, Gaillimh

 

Togra:   

De réir Chuid X1 de na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Cuid 8, Airteagal 81 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 (arna leasú) tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo maidir le Forbairt tithíochta don Lucht Siúil atá Oiriúnach Ó Thaobh Cultúir De atá beartaithe ar thailte ag An Cuarbhóthar, Cathair na Gaillimhe.

 

Is éard a bheidh i gceist san fhorbairt:

 

(a) 5 uimh. aonad tithíochta scoite dhá stór don Lucht Siúil atá oiriúnach ó thaobh cultúir de ina mbeidh: (i) 3 uimh. theach le trí sheomra codlata (ii) 1 uimh. theach le ceithre seomra codlata (iii) 1 uimh. theach le dhá sheomra codlata (b) bearta dearaidh fuinnimh in-athnuaite do gach aonad; agus (c) oibreacha forbartha tacaíochta lena n-áirítear (i) feabhsúcháin ar an mbóthar rochtana reatha (ii) ar spásanna páirceála cúirtealáiste; (iii) tírdhreachú; (iv) umar tanúcháin uisce dromchla; (v) comharthaíocht shealadach tógála; (vi) comharthaíocht eastáit; agus (vii) gach obair láithreáin ghaolmhar.

 

Gheofar pleananna agus sonraí na togra beartaithe lena léamh nó lena gceannach ar tháille nach mó é ná an costas réasúnta ar chóip a dhéanamh go ceann treimhse 4 seachtaine ón Déardaoin, 10ú Feabhra 2022 suas go dtí agus lena n-áirítear An Déardaoin, 10ú Márta 2022 le linn uaireanta poiblí ag an Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ACH COINNE A BHEITH DÉANTA  óna 9rn ar maidin go dtí a 4 tráthnóna Luan go hAoine, seachas laethanta saoire bhainc.

Glaoigh ar 091 536599 nó seol ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie  chun coinne a dhéanamh.

Is féidir iad a fheiceáil freisin ag: https://www.galwaycity.ie/gccpart8/#/?cd=%2FCircular%20Road,%20Rahoon 

Glacfar le haighneachtaí nó tuairimí scríofa i dtaobh na forbartha beartaithe a phléann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe sa cheantar ina mbeartaítear an fhorbairt a bheith suite suas go dtí agus tráth nach déanaí ná: 4.00i.n. Dé hAoine, 25ú Márta 2022 ach iad a sheoladh chuig:

An Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó i ríomhphost chuig planning@galwaycity.ie.

Baineann An tAcht um Shaoráil Faisnéise le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Patricia Philbin

Stiúrthóir Seirbhísí

Pleanáil, Tithíocht, Forbairt Comhshaoil & Cultúr