Latest News

Wi-Fi poiblí saor in aisce tugtha isteach ar fud Chathair na Gaillimhe


Wi-Fi poiblí saor in aisce tugtha isteach ar fud Chathair na Gaillimhe

 

Is féidir le cónaitheoirí agus cuairteoirí i gCathair na Gaillimhe súil a choimeád amach anois do réimse baill the saor in aisce nua Wi-Fi a tugadh isteach i spásanna poiblí éagsúla ar fud na cathrach.

Fuair Comhairle Cathrach na Gaillimhe an liúntas uasta de chistiú €60,000 faoin tionscnamh WiFi4EU, agus fuair siad €60,000 sa bhreis de chistiú comhfhreagrach ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a mhéadaigh an liúntas aníos go dtí €120,000.  Déanann an tionscnamh WiFi4EU teacht saor in aisce ar nascacht Wi-Fi do shaoránaigh i spásanna poiblí, páirceanna, cearnóga, foirgnimh phoiblí, leabharlanna, ionaid sláinte agus músaeim i mbailte agus cathracha ar fud na hEorpa a chur chun cinn.

Tá na pointí nua leata ar fud na cathrach agus freastalaíonn siad ar phobail ó Dhabhach Uisce, go Baile an Phoill, go lár na cathrach, agus siar go Bóthar na Trá agus Cnoc na Cathrach.

Ag labhairt di ar na pointí rochtana nua, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comh. Colette Connolly:

“Is iontach an nuacht í seo do Chathair na Gaillimhe, a chuireann an deis ar fáil do gach duine teacht ar an Idirlíon saor in aisce i líon mór áiteanna poiblí fud fad na cathrach. Ceadóidh an rochtain saor in aisce Wi-Fi seo do dhaoine ar gach aois bheith ceangailte i gcónaí, cuardach a dhéanamh ar threoracha, gnólachtaí áitiúla a chuardach, iompar poiblí a chur in áirithe agus gach a chuireann Cathair na Gaillimhe ar fáil a aimsiú.”

Dúirt Elaine Naughton, an Ceann Teicneolaíochta Faisnéise le Comhairle Cathrach na Gaillimhe:

“Cuid thar a bheith bunúsach dár saol laethúil i láthair na huaire é an t-idirlíon, agus go háirithe fad a chuirimid fáilte roimh an Straitéis Dhigiteach do Chathair na Gaillimhe. Cuirfidh na pointí seo a cuireadh i bhfearas le déanaí leis an Wi-Fi saor in aisce atá i lár na cathrach faoi láthair, agus a chuirfear ar fáil i bpríomhlimistéir phoiblí inár mbruachbhailte ina mbíonn ardlíon custaiméirí. Cuirfimid póstaeir in airde ag gach ceann de láithreacha na mball te le daoine a chur ar an eolas gur féidir leo ceangal leis an idirlíon saor in aisce sna háiteanna siúd.”

Dúirt Philip Clapperton, Stiúrthóir Díolachán, Magnet Plus:

“Tá bís ar Magnet+, an comhpháirtí Wi-Fi a roghnaigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, seirbhísí WiFi4EU a thabhairt chomh fada le roinnt mhaith pobal ar fud Chathair na Gaillimhe. Cuirfidh an tseirbhís il-láithreach WiFi4EU seo seirbhísí Wi-Fi nach raibh ar fáil roimhe seo ar fáil sna limistéir seo, a chuirfidh feabhas ar eispéireas úsáideoirí nuair a thugann siad cuairt ar na láithreacha seo.”

Is féidir teacht ar shonraí faoin liosta láithreacha nua, léarscáil ar líne san áireamh, ag www.galwaycity.ie/wifi4eu 

 

Liosta iomlán de láithreacha na bpointí rochtana:

(Click image for interactive map of coverage)

 

·                 Clós Súgartha agus Páirc Scátála Dhabhach Uisce

·                 Cúirteanna Leadóige Ros Cam

·                 Páirc Mhiondíola an Leasa Bháin

·                 Caisleán Thír Oileáin

·                 Trá Bhaile an Locháin

·                 Lána an Mhuilleora, Ráthún

·                 Páirc Mhic Craith

·                 Ionad Pobail agus faichí spóirt máguaird na Rinne Móire

·                 Ionad Pobail Bhaile an Phoill

·                 An Fhaiche Mhór

·                 Páirc na Mílaoise

·                 Halla an Chladaigh agus Cé Nimmo

·                 Ionad Pobail agus faichí spóirt máguaird an Taoibh Thiar

·                 Promanáid Bhóthar na Trá: Rinn na Mara, Leisureland agus an Charraig Dhubh

·                 Páirc Bhóthar na Trá

·                 Ionad Pobail agus faichí spóirt máguaird Chnoc na Cathrach