
Tá Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 ar taispeáint go poiblí faoi láthair. Beidh seisiúin chomhairliúcháin phoiblí ar siúl ar fud na cathrach:
Suíomh |
Dáta/Am |
Harbour Hotel
Na Dugaí, Gaillimh, H91 E9PR |
Dé Céadaoin an 9 Márta 4pm – 8pm |
Maldrom Hotel, Bóthar an Ghainimh Bóthar an Ghainimh, Gaillimh, H91 ET6N |
Déardaoin an 10 Márta 4pm – 8pm |
Connacht Hotel Bóthar Bhaile Átha Cliath, Gaillimh, H91 K5DD
|
Dé Máirt an 15 Márta 4pm – 8pm |
Clybaun Hotel Bóthar an Chlaí Bháin, Gaillimh, H91 F62V
|
Dé Céadaoin an 16 Márta
|
Beidh foireann pleanála ar fáil chun eolas a sholáthar agus chun aon cheisteanna a bhaineann le Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe a phlé.
Chomh maith le seisiúin eolais beidh clinicí seachtainiúla Dréachtphlean Forbartha ar siúl in Oifig Pleanála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gach maidin Dé Máirt go dtí an 13 Aibreán áit ar féidir le baill den phobal bualadh le ball den fhoireann pleanála chun aon ghné den Phlean Forbartha a phlé.
Tá gá le coinní agus is féidir iad a dhéanamh ar consult.galwaycity.ie nó trí ghlaoch a chur ar 091 536599.
Dé Céadaoin, an 13 Aibreán 2022 an dáta deiridh chun aighneachtaí scríofa a fháil ar an Dréachtphlean Forbartha Cathrach.
Tá cóipeanna de Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 lena n-áirítear léarscáileanna, measúnuithe comhshaoil agus doiciméid tacaíochta ar fáil ar an láithreán gréasáin www.galwaycity.ie/plean-forbartha-2023-2029 le feiceáil agus le híoslódáil agus ar thairseach comhairliúcháin an Phlean Forbartha ar líne consult.galwaycity.ie.
Is féidir cóipeanna crua de na doiciméid go léir a scrúdú san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe le linn uaireanta oscailte trí choinne a dhéanamh agus sin amháin. Is féidir iad a fheiceáil freisin le linn gnáthuaireanta oscailte ag Leabharlann Chathair na Gaillimhe, Leabharlann an Taoibh Thiar agus Leabharlann an Bhaile Bháin.
Is féidir cóip chrua a cheannach ar chostas ainmniúil ón Rannóg Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.
Is féidir aighneachtaí/tuairimí scríofa a dhéanamh:
- Trí úsáid a bhaint as an tairseach aighneacht ar líne tar éis clárúcháin ag consult.galwaycity.ie
- Trí ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie.
- Trí d'aighneacht/tuairim a chur sa phost chuig Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.