Latest News

GRADAIM AN MHÉARA


GRADAIM AN MHÉARA

Faoi lánchosc docht go dtí 11.00in, Dé Máirt an 24 Bealtaine 2022

Ceiliúradh ar oibrithe deonacha ag searmanas na nGradam de chuid Mhéara Chathair na Gaillimhe

Fógraítear buaiteoirí na nGradam de chuid Mhéara Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.

Ag labhairt di ag searmanas bronnta mórthaispeántas in Óstán Galmont, dúirt Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Colette Connolly go raibh Comhairle Cathrach na Gaillimhe bródúil agus thar a bheith sásta ómós agus ceiliúradh a dhéanamh ar an iomad daoine a oibríonn go ciúin sa chúlra chun a gcuid pobal a dhéanamh níos láidre, níos bríomhaire, agus iad go minic ag spreagadh daoine eile.

Agus í ag labhairt faoi na buaiteoirí agus na hainmnithe ag na gradaim, dúirt an Méara Colette Connolly:

“Tugann Gradaim an Mhéara an deis aitheantas a thabhairt do dhaoine a thugann a gcuid ama agus a gcuid iarrachtaí chun áit níos fearr a dhéanamh as a bpobal. Tá aithne againn go léir orthu siúd a fhaigheann an t-am fós chun tacú le comharsana, le grúpaí áitiúla agus leis an bpobal ar bhealach an-suntasach, d'ainneoin na saolta thar a bheith gnóthach atá acu. Anocht, ag an naoú bliain déag de na Gradaim, cuireann sé an-áthas orm gur féidir linn a bheith anseo go pearsanta chun fíor-spiorad pobail a aithint agus a cheiliúradh de réir meitheal ársa seanbhunaithe na nGael a thugann an pobal le chéile”.

Thug an Méara faoi deara freisin "Ó gach aois agus ó gach cúlra, tá tréith thábhachtach amháin á roinnt acu go léir: tugann siad a gcuid ama go flaithiúil agus saor in aisce le haghaidh saol a gcuid pobal a fheabhsú."

D'ainneoin dúshláin na bliana 2021, lean mórán daoine ag déanamh sár-iarrachtaí ionas go leanfaidh lena gcuid oibre deonaí. Ba mhaith le Comhairle Cathrach na Gaillimhe go dtuigfeadh gach oibrí deonach go bhfuil ardmheas ar an méid a dhéanann siad agus go ndéantar an obair dheonach a cheiliúradh mar gheall ar an sár-chuidiú a thagann as do shaol an phobail, ag cabhrú le pobail bheoga, imchuimsitheacha agus inbhuanaithe a fhorbairt.

Fuair beagnach 100 duine ar leith agus grúpa, a ainmníodh i ngach catagóir, Teastas ón Méara mar aitheantas ar a gcuid gníomhaíocht dheonach i saol an phobail ar fud na cathrach.

Seo a leanas liosta na mbuaiteoirí sna catagóirí éagsúla.

Gradam na hEalaíona, an Chultúir, na hOidhreachta agus Cúrsaí Gaeilge:

Bunscoil Phádraig, ceoltóirí agus oirfidigh úra atá réidh lena scileanna a léiriú ar son na carthanachta, ag cur leis an timpeallacht dhearfach spraíúil atá i láthair i gcónaí i gCathair na Gaillimhe.

Gradam na gCónaitheoirí agus an Limistéir Áitiúil:

Cumann Áitritheoirí Pháirc Sheáin Uí Chuagáin, ceann feadhna ina gceantar áitiúil le roinnt blianta anuas, ag tabhairt faoi raon gníomhaíochtaí agus tionscnamh chun an timpeallacht a fheabhsú don phobal. Is foinse an dóchais iad do ghrúpaí pobail eile sa chathair, agus an dearcadh ‘indéanta’ á léiriú acu.

Gradam Seirbhís an Phobail agus an Chuimsithe Sóisialta (Aonair):

Saibh Egan, as a dúthracht gan staonadh d'fhonn cabhrú leo siúd inár bpobal leis an díth is mó orthu agus as a cuid iarrachtaí deonacha, a cuid ama agus a cuid fuinnimh dóibh siúd ar mhí-ádh, ag déanamh difríocht phraiticiúil do chách i gcónaí.

Gradam Seirbhís an Phobail agus an Chuimsithe Sóisialta (Grúpa):

Access for All, a d’oibrigh go dian dícheallach le breis is fiche bliain chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí i gCathair na Gaillimhe a chinntiú do dhaoine de gach aois. Dhírigh siad ar rochtain uilíoch ar an timpeallacht thógtha áitiúil a fheabhsú go leanúnach do gach éinne beag beann ar mhéid, aois agus cumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, agus chinntigh a leithéid gur lean Gaillimh mar Chathair inrochtana do chách bunaithe ar an gcomhionannas agus ar an éagsúlacht.

Gradam Oibrí Deonach na Bliana do Dhuine Scothaosta:

Evelyn Moran, as an bpáirt ghníomhach a glac sí i raon leathan grúpaí agus eagraíochtaí pobail  thar na blianta fada, ag obair gan staonadh chun tuairimí na daoine scothaosta a chur chun cinn i bhforbairt na mbeartas agus na cinnteoireachta. Tá Evelyn chomh tugtha fós agus a bhí riamh faoina saoránacht ghníomhach agus is iontach an eiseamláir í de dhuine scothaosta atá ag obair ar son daoine scothaosta.

Gradam Obair Dheonach na Bliana sa Spórt:

Club Peile agus Spóirt Choillte Mhuirlinne as a gcuid dúthrachta d'fho n a chinntiú gur féidir le gach leanbh, tuismitheoir agus duine den phobal páirt a ghlacadh sa spórt ar mhaith leo triail a bhaint as, ag cur na spóirt éagsúla ar fáil chun freastal ar gach riachtanas. Cuirtear siad fáilte roimh chách sa chlub spórt an pobail, ag baint úsáide as a gcuid chumais maidir le meon an fháis, leis an rannpháirtíocht, leis an oideachas agus leis an gcomhsheasmhacht.

Gradam na Tacaíochta do Leanaí agus don Óige:

Accompaniment Support Services for Children (A.S.S.C) Volunteers, a chuireann ar chumas na seirbhíse tacaíochta ríthábhachtach seo oibriú ar feadh24 uair salá, 365 lá sa bhliain le leanaí agus dá gcuid teaghlach i nGaillimh. Tugann na hoibrithe deonacha seo a gcuid ama go toilteanach le haghaidh tionlacan agus abhcóideacht a chur ar fáil do dhaoine óga agus dá dteaghlaigh ag céimeanna éagsúla. D'ainneoin thionchar na paindéime, chuidigh na hoibrithe deonacha seo leis an tseirbhís seo a chur ar fáil ionas a chinntiú go raibh duine ar fáil ag gach leanbh i gcónaí chun tacú leo amháin.

Gradam Oibrí Deonach Óg na Bliana:

Comhairle na nÓg Chathair na Gaillimhe, as a ndúthracht agus a ndíograis ionas a chinntiú go mbeadh an meán ag daoine óga chun a nglór a chur in iúl do dhaoine óga eile, do lucht déanta na gcinntí agus dóibh siúd ar féidir leo tionchar a imirt ar athrú dearfach.

Gradam Inbhuanaitheacht an Chomhshaoil:

Gairdín Orgánach Pobail an Taobh Thiar, as an gcuidiú suntasach a thug siad don pobal trína léiriú conas ar féidir le daoine a gcuid bia féin a fhás sa bhaile i suíomh cathrach, chomh maith le bheith ag obair go dian d'fhonn uaschaighdeáin na glaise agus na hinbhuanaitheachta a bhaint amach agus is féidir, agus as áit shábháilte a chothú d'oibrithe deonacha áitiúla an pobail chun bailiú le chéile, chun naisc a dhéanamh agus chun a bheith fiú mar atá siad!

Gradam Oibrí Deonach na Bliana de chuid Chathair na Gaillimhe:

Catherine Moore Temple, as misneach a hobair dheonach, as aitheantas a thabhairt d'flaithiúlacht a cuid ama, a cuid fuinnimh agus a cuid diograis spreagúil d’Eaglais San Nioclás agus gach a thugann an eaglais do mhuintir na Gaillimhe agus ar fud an domhain. Léiríonn Catherine flúirse a cuid fuinnimh agus í ag cothú agus ag roinnt a grá d’Eaglais San Nioclás, atá fós ina daingean agus ina tearmann i gcroílár shaol spioradálta, stairiúil, pobail agus ealaíne Chathair na Gaillimhe le breis agus 700 bliain.

Bronn an Méara Connolly plaic adhmaid álainn lámhdhéanta ar na buaiteoirí, arna dhéanamh ag Ambrose agus Brid O’Halloran, tuinneálaithe adhmaid as Gaillimh.

Maidir le ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le: Caitriona Morgan, Roinn an Phobail, Comhairle Cathrach na Gaillimhe 091 536461.