Athruithe Ábhartha ar Dhréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029
Fógra Cinnidh i leith an Riachtanaís maidir le Measúnacht Straitéiseach na Timpeallachta agus leis an Measúnacht Cuí
Tugtar fógra leis seo gur rith Comhaltaí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, tar éis dóibh Dréachtphlean Forbairt Chathair na Gaillimhe 2023-2029 agus Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh maidir leis na haighneachtaí a fuarthas a bhreithniú, rún ar Dé hAoine an 22 Iúil 2022 de réir Alt 12 (6) agus (7) de na hAchtanna um Phleanáil agus um Fhorbairt 2000 arna leasú, ionas go leasófar Dréachtphlean na Forbartha. Séard atá sna leasuithe molta ná Athruithe Ábhartha molta ar Dhréachtphlean Forbairt Chathair na Gaillimhe 2023-2029.
De réir Alt 12(7)(aa) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, socraíaodh, go bhfuil gá le Measúnacht Straitéiseach na Timpeallachta (MST) agus le Measúnacht Chuí (MC) a dhéanamh as ceann de na hAthruithe Ábhartha molta nó a thuilleadh díobh ar Dhréachtphlean na Forbartha.
De réir Alt 12(7)(ab) den Acht, measann an Príomhfheidhmeannach gurb é an tréimhse chun an MST/MC ar cheann de na hAthruithe Ábhartha molta nó a thuilleadh díobh a éascú ná 8 seachtain ó dháta rite an rúin chun leasú a dhéanamh ar Dhréachtphlean na Forbartha, sé sin, faoin Aoine an 16 Meán Fómhair 2022.
Tar éis na measúnuithe thuas a chríochnú, cuirfear cóip de na hAthruithe Ábhartha molta ar Dhréachtphlean na Forbartha agus na measúnuithe lena mbaineann ar taispeáint go poiblí ar feadh 4 sheachtain ar a laghad, lorgófar aighneachtaí nó tuairimí scríofa laistigh thréimhse luaite na taispeána poiblí agus cuirfidh an t-údarás pleanála san áireamh iad sula ndéanfear plean na forbartha a chríochnú.
Foilseofar fógra poiblí breise de réir Alt 12(7)(b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú, ar an 16 Meán Fómhair 2022 nó níos luaithe. Cuirfidh a leithéid fógra mioneolas ar fáil faoi chomhairliúcháin an phobail maidir le Dréachtphlean Forbairt Chathair na Gaillimhe 2023-2029 agus leis an MST/MC; agus áireofar ann freisin cuireadh chun aighneachtaí nó tuairimí a fháil.
Sínithe ag
Patricia Philbin,
Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí do Pleanáil, Tithíocht, Forbairt Eacnamaíochta & Cultúr