
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag glacadh páirte sa tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta idir 13 agus 21 Lúnasa.
Ceiliúrann an tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta gach rud a bhaineann le hoidhreacht. Tugann sé pobail agus institiúidí cultúrtha, lucht acadúil agus díograiseoirí le chéile chun feasacht a áisiú faoi luach na hoidhreachta agus chun tacú lena caomhnú.
Naisc thíos do Chlár Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tabhair do d’aire, le do thoil, go bhfuil roinnt imeachtaí curtha siar mar gheall ar Covid – déanfar dátaí nua a phoibliú nuair a dheimhneofar iad.
Is iad na teagmhais lena mbaineann ná:
· Turas ar Reilig an Bhóthair Mhóir
· Turas ar Bhaile Múrtha Chathair na Gaillimhe
· Turas Treoraithe/Siúlóid, Caisleán Menlo