Latest News

Leabhar Comhbhróin ar líne i gcuimhne ar Patricia Burke Brogan


Leabhar Comhbhróin ar líne i gcuimhne ar Patricia Burke Brogan

Leabhar Comhbhróin ar líne i gcuimhne ar Patricia Burke Brogan

Osclaíodh Leabhar Comhbhróin ar líne i gcuimhne ar Patricia Burke Brogan, bean ar bronnadh saoirse Chathair na Gaillimhe uirthi, ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ó 9 Meán Fómhair 2022.
D’oscail Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, an Leabhar ar líne, a bheidh ar fáil don phobal chun teachtaireachtaí comhbhróin a scríobh ann.


Chuir Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, teachtaireacht chomhbhróin in iúl, “Suaimhneas Síoraí duit, a Patricia Burke Brogan – thug tú spreagadh dúinn mar dhrámadóir, file, gníomhaí, daonnúlach, agus mar úrscéalaí, go háirithe san obair a rinne tú a thug fulaingt mhillteanach na mban i Neachtlanna Magdelene chun solais. Tá muintir na hÉireann an-bhuíoch go deo díot agus gabhann siad buíochas leat as gach rud a rinne tú ar mhaithe le sochaí na hÉireann. Cuirim mo chomhbhrón ó chroí le do mhuintir agus le do dhaoine muinteartha - táimid ag smaoineamh oraibh go léir i ndiaidh gur cailleadh sárbhean”.


Beidh an Leabhar ar oscailt go dtí an 7 Deireadh Fómhair 2022.

 

Oscail an Leabhar Comhbhróin 

 

íomha ó Galway Advertiser