Latest News

Fáiltiú an Mhéara – Foireann Camógaíochta Idirmheánach na Gaillimhe


Fáiltiú an Mhéara – Foireann Camógaíochta Idirmheánach na Gaillimhe

Reáchtáladh Fáiltiú an Mhéara ar an 12ú Meán Fómhair 2022 chun sáréacht Fhoireann Camógaíochta Idirmheánach na Gaillimhe a cheiliúradh, tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhuachan ar an 7ú Lúnasa 2022. Thug Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, aitheantas don éacht atá déanta ag Mná na dTreabh, agus an cumas, obair foirne agus scil theicniúil atá léirithe acu.

Ag labhairt di faoi scil na foirne agus faoin tábhacht a bhain lena n-éacht, dúirt an Méara Clodagh Higgins, “Ag leanúint lorg ár sinsear 3,000 bliain ó shin, beidh an chuid is mó againn sa seomra tar éis triail a bhaint as camán agus sliotar am éigin inár n-óige – agus beidh cuid mhór againn tar éis a thabhairt faoi dheara go han-tapaidh go dtógann sé uaireanta cleachtaidh, agus lúthchleasaíocht nádúrtha dhúchasach, agus cumas spóirt chun sliotar a chur san áit ba mhaith linn. Tá an scil sin bainte amach ag an bhfoireann Camógaíochta atá á ceiliúradh inniu. Tá sárthaithí faighte acu freisin ar obair foirne agus ar straitéis, agus tá díograis agus diongbháilteacht léirithe acu ar an bpáirc. Is inspioráid sibh do gach cailín óg i nGaillimh atá ag rith thart ar pháirc CLG anocht. Nuair a rith sibh amach ar an bpáirc ar Pháirc an Chrócaigh, thaispeáin sibh dóibh cad is féidir le mná na Gaillimhe a bhaint amach sa spórt. Shiúil sibh ar an stáitse náisiúnta, d’imir sibh mar sheaimpíní agus fuair sibh an bua.”

Thug an Méara aitheantas d’éachtaí an Bhainisteora Cathal Murray, agus an fhoireann bainistíochta a thacaigh leis an bhfoireann chun bua a fháil, agus ghabh sí buíochas le teaghlaigh na n-imreoirí as a gcuid tacaíochta.

Labhair Captaen na Foirne, Lisa Casserly; Bainisteoir na Foirne Camógaíochta Idirmheánaí, Cathal Murray; agus Brian Griffin, Cathaoirleach, Camógaíocht na Gaillimhe, ar an lá chomh maith.

 

Sa phictiúr ag Fáiltiú Mhéara Chathair na Gaillimhe in ómós do Foireann Camógaíochta Idirmheánach na Gaillimhe, Sheaimpíní na hÉireann 2022, tá Ciara Donohue, Imreoir, an Méara Clodagh Higgins, agus an Captaen Lisa Casserly.

 

Sa phictiúr ag Fáilitiú Mhéara Chathair na Gaillimhe ina n-onóir, tá Seaimpíní na hÉireann 2022, Foireann Camógaíochta Idirnmheánach na Gaillimhe; leis an Méara Clodagh Higgins; le Corn an Chraobhchomórtais.