Latest News

Bronntar Trí Ghradam Brataí Glaise ar Pháirceanna Chathair na Gaillimhe


Bronntar Trí Ghradam Brataí Glaise ar Pháirceanna Chathair na Gaillimhe

Bhain Comhairle Cathrach na Gaillimhe trí Ghradam mhóra le rá Brataí Glaise amach tar éis d’Oideachas Comhshaoil an Taisce a fhógairt inniu. Aithníonn Gradaim na Brataí Glaise na páirceanna agus na gairdíní poiblí is fearr in Éirinn, agus bronnadh an gradam ar Pháirc na gCúig Céad i mBóthar na Trá den tríú huair, agus bronnadh an onóir arís eile, den cheathrú bliain i ndiaidh a chéile, ar Pháirc Leanaí na Mílaoise. Cuireadh Páirc Uí Shúilleabháin in Mervue leis an liosta páirceanna ar bronnadh gradam orthu i mbliana, tar éis gur bronnadh an Bhratach Ghlas ar an bpáirc den chéad uair.

Comhartha sármhaitheasa idirnáisiúnta atá i nGradam na Brataí Glaise, agus bronnadh marcanna ar iarratasóirí i leith caighdeáin dhiana chomhshaoil maidir le spás glas a bhainistiú, agus sármhaitheas nithe is díol spéise do chuairteoirí. Déanann giúiré piaraí saineolaithe spáis ghlais moltóireacht ar na Gradaim gach bliain, a chuireann a gcuid ama ar fáil go deonach chun cuairt a thabhairt ar shuíomhanna iarratasóra agus iad a mheas in aghaidh ocht gcritéar dhiana, caighdeáin ghairneoireachta, glaineacht, inbhuanaitheacht, agus rannpháirtíocht an phobail ina measc.

Ag labhairt dó faoi na Gradaim inniu, dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, “Tá gliondar croí ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe go bhfuil obair ár bhfoirne Comhshaoil, Áineasa agus Taitneamhachta á haithint inniu, tar éis gur bronnadh trí Bhratach Ghlasa don Chathair. Tugann an fhoireann ar bhonn laethúil faoi chlóis súgartha a chur, a ghlanadh agus a uasghrádú agus tacú leis an mbithéagsúlacht, an fiadhúlra a chosaint, bruscar a bhailiú, agus spásanna áille, spreagúla agus spraíúla a chruthú do mhuintir na Gaillimhe. Ba mhaith liom a n-iarrachtaí chun na gradaim seo a bhaint amach inniu a aithint. Leanann Comhairle Cathrach na Gaillimhe le hinfheistiú in áiseanna caitheamh aimsire ar fud na Cathrach, an t-uasghrádú a rinneadh le déanaí ar chúirteanna leadóige sa Taobh Thiar, Barr na Coille agus i bPáirc Mhic Craith, luascán a thacaíonn le cathaoir rothaí a shuiteáil i mBóthar na Trá, agus plandaí a chur ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht ar fud na cathrach san áireamh, i measc tionscnaimh eile. Gabhtar buíochas ó chroí leis na hoibrithe deonacha a chabhraíonn linn na páirceanna agus na spásanna glasa sa Chathair a chothabháil. Tá ríméid ar leith orainn gur bronnadh an gradam ar Pháirc Uí Shúilleabháin i mbliana agus táimid ag tnúth le níos mó páirceanna a chur leis an liosta dámhachtaithe amach anseo.”

Is féidir teacht ar eolas breise ar Bhratacha Glasa ag www.antaisce.org/green-flag-for-parks

 

O Sullivan Park

 

Quincentennial Park