
Tá Cáin Talamh Criosaithe Chónaithe bunaithe ag an Rialtas, cáin nua a bhfuil sé mar aidhm léi an soláthar tithíochta a mhéadú trí thailte criosaithe, seirbhísithe cónaithe a ghníomhachtú (lena n-áirítear tailte úsáide measctha) do thithíocht. Níl tithe atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil faoi dhliteanas i leith na Cánach Talamh Criosaithe Chónaithe. Ní mór, áfach, maoin chónaithe atá níos mó ná 0.4047 (1 acra), agus nach bhfuil faoi réir RZLT, a chlárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá Dréachtléarscáil ar a dtaispeántar na tailte a bheidh faoi réir na Cánach Talamh Criosaithe Chónaithe i gCathair na Gaillimhe le fáil anseo
Is féidir le húinéirí talún agus tríú páirtithe aighneacht a dhéanamh maidir le cibé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann na tailte ar an Dréachtléarscáil na critéir a bhaineann le bheith faoi réir na cánach. Glacfar le haighneachtaí go dtí an 01 Eanáir 2023.
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó más mian leat aighneacht a dhéanamh tabhair cuairt ar www.galwaycity.ie/rzlt nó consult.galwaycity.ie.