
Tá go dtí an 1 Eanáir 2023 ag úinéirí talún na dréacht-léarscáileanna a sheiceáil agus aighneachtaí a dhéanamh ina dtaobh
Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag moladh do bhaill an phobail go mbeidh go dtí an 1 Eanáir 2023 acu dréacht-léarscáileanna ina léirítear na tailte i gCathair na Gaillimhe a bheidh faoi réir na Cánach Talún Cónaithe Zónáilte nua a sheiceáil agus aighneachtaí a dhéanamh ina dtaobh.
Cáin nua is ea an Cháin Talún Cónaithe Zónáilte a bhfuil de cuspóir aici méadú a dhéanamh ar sholáthar tithíochta trí earraíocht a bhaint as tailte forbartha cónaithe atá zónáilte agus seirbhísithe chun críche na tithíochta. Talamh úrnua agus athfhorbraíochta atá aitheanta agus zónáilte le haghaidh na tithíochta, beidh siadsan faoi réir cánach ó 2024 i leith. Tiomantas faoin bplean ‘Tithíocht do Chách’, plean tithíochta an Rialtais go dtí 2030, is ea an cháin sin.
Tá an Dréacht-Léarscáil ar fáil le breathnú uirthi ar shuíomh gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mar atá www.galwaycity.ie/rzlt, ar consult.galwaycity.ie agus in oifigí poiblí na Comhairle. Taispeántar sa Dréacht-Léarscáil na tailte a bheidh faoi réir na Cánach Talún Cónaithe Zónáilte nua. Beidh go dtí an 1 Eanáir 2023 ag úinéirí talún agus ag tríú páirtithe aighneacht a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i dtaca le cé acu an gcomhlíonann an talamh ar an léarscáil na critéir a bhaineann lena bheith faoi réir na cánach nó nach gcomhlíonann.
Is féidir leo siúd na bearta seo a leanas a dhéanamh:
- Ceartúchán ar an Dréacht-Léarscáil Chánach Talún Cónaithe Zónáilte a mholadh má airíonn siad nach gcomhlíonann an talamh a áirítear sa léarscáil na critéir, nó má easaontaíonn siad leis an dáta ar chomhlíon an talamh na critéir de réir na léarscáile
- Athrú ar zónáil a gcuid talún a iarraidh ionas nach mbeidh sí faoi réir na cánach
- Talamh eile ar chóir go mbeadh sí faoi réir na cánach a aithint
Bhí le rá ag Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, agus é ag impí ar dhaoine an Dréacht-Léarscáil a sheiceáil:
‘Mholfainn go mór do bhaill an phobail breathnú ar an Dréacht-Léarscáil a foilsíodh ar shuíomh Gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus, más gá, aighneacht a dhéanamh roimh an 1 Eanáir 2023. Tá tuilleadh soláthar tithíochta ag teastáil ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe le freastal a dhéanamh ar ár gcuid riachtanas tithíochta agus is cuspóir leis an gcáin nua úinéirí talún a spreagadh le tithíocht a fhorbairt ar tailte seirbhísithe atá zónáilte le haghaidh na tithíochta, idir thalamh ar tugadh cead pleanála di cheana féin agus talamh nár tugadh fós’.
Cáin bhliantúil atá sa Cháin Talún Cónaithe Zónáilte, a bheidh le híoc an chéad uair in 2024 i ndáil le tailte a áireofar sna léarscáileanna deiridh a fhoilseoidh na húdaráis áitiúla ar an 1 Nollaig 2023. Beidh an Cháin Talún Cónaithe Zónáilte i bhfeidhm ar bhonn bhliaintúil ag ráta 3% de luach margaidh na talún. Déanfar an cháin a riar ar bhonn féinmheasúnaithe.
Ní bheidh ar úinéirí tí an Cháin Talún Cónaithe Zónáilte a íoc má tá réadmhaoin chónaithe acu atá le feiceáil ar Léarscáileanna Cánach Talún Cónaithe Zónáilte, ach atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil. Má tá a leithéid de réadmhaoin chónaithe ag an úinéir tí, agus má tá talamh/garraithe/clóis na réadmhaoine céanna níos mó ná 0.4047 heicteár, is amhlaidh a bheidh ar an úinéir tí clárú don Cháin Talún Cónaithe Zónáilte leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach ní bheidh sé faoi dhliteanas an cháin a íoc. Ní fhéadfar clárú don cháin as deireadh 2023 ar aghaidh.
D’fhéadfadh sé gurbh éigean d’úinéir tí an cháin a íoc má tá réadmhaoin chónaithe acu atá le feiceáil ar léarscáileanna Cánach Talún Cónaithe Zónáilte na n-údarás áitiúl nach bhfuil faoi réir na cánach maoine áitiúil.
D’fhéadfadh sé gurbh éigean d’úinéir tí an cháin a íoc dá mba é go bhfuil réadmhaoin chónaithe aige nach bhfuil faoi réir na cánach maoine áitiúil agus atá le feiceáil ar léarscáileanna na n-údarás áitiúil.
Is féidir breathnú ar Dhréacht-Léarscáil Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ar www.galwaycity.ie/rzlt, arconsult.galwaycity.ie, nó in oifigí poiblí na Comhairle.
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais faoin mbeart ar http://www.gov.ie/rzlt