
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2023.
Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara iarratais chomhlánaithe a sheoladh isteach nach déanaí ná Dé hAoine an 20ú Eanair 2023 (16:00) chuig Caroline Phelan, Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh.
Ní beídh iarratas neamhíonlan nó lorratas faighte tár eís on data 20ú Eanar 2023 clacadh.
Tá sé i gceist go spreagfadh an ciste seo infheistíocht caipitil príobháideach i roinnt tionscadal dlúthshaothair ar scála beag chun struchtúir stairiúla a dheisiú agus a chaomhnú agus le tacú le fostaíocht do ghairmithe, oibrithe ceardaíochta agus ceardaithe caomhantais oilte agus a bhfuil taithí acu. Cuireadh leithdháileadh €123,200 ar fáil do Chathair na Gaillimhe, agus bronnfar deontais idir €2,500 agus €15,000, agus éileofar ar iarratasóirí íosmhéid 50% de na costais iomlána a sholáthar.
Seo a leanas na catagóirí struchtúr atá incháilithe do chúnamh:
· Struchtúir Chosanta: i.e. na struchtúir sin atá ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) do Chathair na Gaillimhe a bhfuil 619 díobh sa chathair.
· Struchtúir a áirítear i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (ACA) agus a chuireann le saintréith limistéir den chineál sin, a bhfuil aon cheann déag díobh sa chathair nó laistigh de chonláiste Séadchomhartha Náisiúnta.
Caithfidh oibreacha faoin scéim seo na riachtanais reachtúla ar fad a shásamh, lena n-áirítear an gá le cead pleanála nuair is cuí.
Foirm chiorclach & Foirm iarratais do BHIS 2023
BHIS 2023 - Application Form A.doc
Leabhrán treorach d’iarratasóirí
BHIS 2023 Guidance Application Form.pdf
BHIS 2023 Guidance Booklet for Applicants.pdf