Latest News

An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2023


An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2023

Tá iarratais á lorg ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta don An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2023.

Tugtar cuireadh do pháirtithe leasmhara iarratais chomhlánaithe a sheoladh isteach nach déanaí ná Dé hAoine an 20ú Eanair 2023 (16:00) chuig Caroline Phelan, Pleanálaí Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. 

Ní beídh iarratas neamhíonlan nó lorratas faighte tár eís on data 20ú Eanar 2023 clacadh.

 

Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGH) le cuidiú le hoibreacha chun struchtúir atá cosanta faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) a chosaint.

Tá maoiniú á chur ar fáil don chiste um struchtúir stairiúla (HSF) mar chuid de Thionscadal Éireann 2040. Is ionann an maoiniú náisiúnta iomlán agus €4.5m.

Nuair a fhaightear iarratais incháilithe i gcomhair maoinithe, déanfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe measúnú agus cuirfimid ar aghaidh trí iarratas ar a mhéad (móide dhá iarratas breise ar a mhéad a bhaineann le haghaidheanna siopaí de réir an mhéid thíos), tá an srianadh seo forordaithe ag téarmaí agus coinníollacha agus teorainneacha chritéir agus maoiniú na Roinne.

Bronnfar deontais i dtrí shruth ar bhonn náisiúnta:

Sruth 1 – bronnfar deontais anseo ó €15,000 go €50,000 agus tá sé dírithe ar dheisiúcháin ríthábhachtacha agus oibreacha caipitil níos lú i gcomhair athchóiriú agus caomhnú struchtúir oidhreachta. Bronnfar uasmhéid 80% i ndáil le costais incháilithe.

Sruth 2 – bronnfar deontais anseo ó €50,000 go €200,000 i gcomhair tionscadal breisithe, athchóirithe nó athúsáide níos mó a bhaineann le struchtúir oidhreachta, i gcás gur léiríodh tairbhe shoiléir phobail nó phoiblí. Bronnfar uasmhéid 50% i ndáil le costais incháilithe.

Sruth 3 – bainfidh sé seo leis an tionscadal 2023 do Struchtúir Dhúchasacha – le maoiniú €50,000. Is é cuspóir an tsrutha seo tacú le deisiúcháin chaomhnaithe agus oibreacha caipitil beaga le struchtúir dhúchasacha nach bhfuil liostaithe ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta nó faoi chosaint ag an dlí ar bhealach eile. Is féidir leis na struchtúir sin a bheith suite i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta.

 

Seo a leanas na catagóirí struchtúr atá incháilithe do chúnamh faoi shruth 1 agus 2:

1.         Struchtúir Chosanta: i.e. na struchtúir sin atá ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS) do Chathair na Gaillimhe a bhfuil 619 díobh sa chathair.

2.       Struchtúir a áirítear i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (ACA) agus a chuireann le saintréith limistéir den chineál sin, a bhfuil aon cheann déag díobh i gCathair na Gaillimhe.

 

Caithfidh oibreacha faoin scéim seo na riachtanais reachtúla ar fad a shásamh, lena n-áirítear an gá le cead pleanála nuair is cuí.

Foirm chiorclach & Foirm iarratais do HSF 2023

An Ciste um Struchtúir Stairiúla Ciorclán 2023.pdf

HSF2023 Aguisín I - Foirm A (Iarratasóir).docx

 

Ceisteanna Coitianta - BHIS & HSF

BHIS HSF 2023 FAQ.pdf