Nuacht is Déanaí

Tabhairt isteach Táillí Páirceála Carranna ag Leisureland


Tabhairt isteach Táillí Páirceála Carranna ag Leisureland

Preasráiteas –  Tabhairt isteach Táillí Páirceála Carranna ag Leisureland

Ón gCéadaoin 7 Nollaig, tosóidh Leisureland ag baint úsáide as córas nua na mbacainní gluaisteán.

Beidh rochtainfós ar pháirceáil saor in aisce  ag baill an ghiomnáisiam agus an linn snámha de chuid Leisureland, lena n-áirítear baill an Acadaimh Snámha. Cinnteoidh an pháirceáil íoctha go mbeidh seirbhís níos fearr ar fáil do na chomhaltaí agus d' húsáideoirí eile na n-áiseanna. Chomh maith leis sin, tá ionaid nua páirceáil rothair curtha isteach ag bealaí isteach tosaigh agus taoibh Leisureland. Ina theannta sin, tá dhá spás páirceála is fiche sa chuid tosaigh curtha in áirithe mar limistéar aimnithe um leagadh síos.

Cinnteoidh an áis pháirceála íoctha taithí níos sábháilte do phátrúin Leisureland agus coiscfidh sí droch-iompair páirceála ar nós carranna á bhfágaint ar limistéir fhéir agus ar na cosáin ar laethanta gnóthacha sa cheantar.

Cosnóidh an pháirceáil i Leisureland €2 in aghaidh na huaire nó €12 in aghaidh an lae. Ní cheadófar campáil ná páirceáil thar oíche.