Latest News

FÓGRA FAOI DHÉANAMH PHLEAN FORBARTHA CHATHAIR NA GAILLIMHE 2023-2029


FÓGRA FAOI DHÉANAMH PHLEAN FORBARTHA CHATHAIR NA GAILLIMHE 2023-2029

AN tACHT UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT 2000 (ARNA LEASÚ)

NA RIALACHÁIN UM PLEANÁIL AGUS FORBAIRT (MEASÚNÚ STRAITÉISEACH COMHSHAOIL) 2004 (ARNA LEASÚ)

FÓGRA FAOI DHÉANAMH PHLEAN FORBARTHA CHATHAIR NA GAILLIMHE 2023-2029

Tugtar fógra leis seo, faoi Alt 12 (12) (a) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, (arna leasú), gur ar an 24ú Samhain 2022 a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe, mar Údarás Pleanála don Chathair, Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe don tréimhse 2023-2029 dá ceantar feidhme.

Tiocfaidh Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029 i bhfeidhm ón gCéadaoin 4ú Eanáir 2023.

Tugtar fógra freisin, faoi Airteagal 13I de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Measúnú Straitéiseach Comhshaoil) 2004 (arna leasú), go bhfuil Ráiteas um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA) ullmhaithe.

 Achoimrítear sa Ráiteas sin:

(a) Conas a rinneadh cúrsaí comhshaoil a chomhtháthú sa Phlean,

(b) Conas ar cuireadh an Tuarascáil Timpeallachta (arna hullmhú de bhun Airteagal 13C); aighneachtaí agus tuairimí a cuireadh faoi bhráid an Údaráis Phleanála mar fhreagra ar fhógra faoi Alt 12(1) nó (7) den Acht, agus aon chomhairliúcháin faoi Airteagal 13F, san áireamh le linn ullmhú an Phlean.

(c) na cúiseanna leis an bPlean a roghnú, arna ghlacadh, i bhfianaise na roghanna réasúnacha eile ar déileáladh leo, agus na bearta a cinneadh chun monatóireacht a dhéanamh orthu, i gcomhréir le hAirteagal 13J, ar éifeachtaí suntasacha comhshaoil chur i bhfeidhm an Phlean.

Tá Plean Forbartha na Cathrach (leagan eatramhach den ráiteas scríofa agus léarscáileanna), Tuarascáil Timpeallachta SEA, Ráiteas SEA, Ráiteas Tionchair Natura, Ráiteas Conclúide agus Cinnidh an AA agus doiciméid ghaolmhara eile, ar fáil le féachaint orthu agus le híoslódáil ar an láithreán gréasáin www.galwaycity.ie  agus ar an tairseach comhairliúcháin ar líne consult.galwaycity.ie. Tá na doiciméid go léir ar fáil freisin lena scrúdú ag an Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8, le linn uaireanta oscailte.

Má tá aon cheist agat maidir le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, téigh i dteagmháil le do thoil le Rannóg an Phlean Forbartha agus Beartais, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ag 091 536599 nó trí ríomhphost chuig devplan@galwaycity.ie.

 

Patricia Philbin

Stiúrthóir Seirbhísí,

Forbairt Bonneagair, Pleanáil & Athrú Aeráide.

22ú Nollaig 2022

 

Interim Galway City Development Plan 2023-2029 

Interim Appropriate Assessment Report

Interim Strategic Environmental Assessment Report

Interim Strategic Flood Risk Assessment

Galway City Urban Density and Building Height Study

Galway City Housing Needs and Demand Assessment

Interim Land Use Zoning and Specific Objective Map A

Interim Land Use Zoning and Specific Objective Map B

Public Notice