Latest News

Cuid 8 Oileán Altanach


Cuid 8 Oileán Altanach

An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) – Cuid 8

 

Iarrthóir: Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Suíomh: 23 Oileán Altanach, Cathair na Gaillimhe

 

Togra: De réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), Cuid XI agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) Cuid 8, Airteagal 81, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo faoi athruithe beartaithe ar theach reatha an mhinistir (ar a dtugtar an “Manse”) agus foirgneamh na hAmharclainne ina aice ag 23 Oileán Altanach, Cathair na Gaillimhe. Is struchtúir chosanta iad na foirgnimh atá ann faoi láthair, tag RPS 7407.

Cuimseoidh an fhorbairt:

·       Athruithe inmheánacha laistigh de Theach an Mhinistir chun freastal ar ardaitheoir nua Cuid m, ionad fáiltithe nua, áiseanna inrochtana cithfholcadh/leithris nua, cruthú 7 “seomra cruthaitheach”

·       Síneadh aon stóir a thógáil ar an taobh thuaidh de na struchtúir naisc reatha idir Teach an Mhinistir agus foirgneamh na hAmharclainne chun áit feistis nua a chur ar fáil.

·       Cruthú ardán dín seachtrach thar an síneadh nua (mír b) le húsáid mar áit seirbhísí/cothabhála

·       Athmhúnlú agus athsholáthar an díon claonta reatha le díon claonta nua chun an dóthain airde a chinntiú d'ardaitheoir nua agus a chuimseoidh solas dín nua agus painéil ghréine.

·       Athmhúnlú a dhéanamh ar aghaidheanna struchtúir bráca Theach an Mhinistir chun freastal ar an díonlíne nua agus chun bealach isteach nua don phobal a chur ar fáil ag an aghaidh theas.

·       Athruithe, lena n-áirítear roinnt fuinneoga nua a chur isteach, ar fhuinneoga Theach an Mhinistir

·       Athruithe inmheánacha laistigh d'fhoirgneamh na hAmharclainne reatha chun athmhúnlú a dhéanamh agus feabhas a chur ar inrochtaineacht áiseanna reatha an leithris

·       Athmhúnlú ar na limistéir sheachtracha tírdhreachtaithe laistigh den tsuíomh lena n-áirítear athsholáthar ar an gcumhdach cois abhann (os cionn leibhéal an phlionta cloiche) agu geataí nua a chur in ionad na ngeataí nua-aimseartha atá ann cheana féin.

·       Gnéithe nua na comharthaíochta a chur ar fáil

·       An méid uile thuas mar aon le hathruithe gaolmhara ar sheirbhísí agus ar oibreacha suímh atá ann cheana féin

·       Rinneadh Réamhphróiseas Scagthástála ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta don fhorbairt bheartaithe, agus chinn Comhairle Cathrach na Gaillimhe nach bhfuil aon chosúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ar an gcomhshaol ag eascairt as an bhforbairt beartaitheagus nach bhfuil gá le Measúnú Tionchair Timpeallachta. Sa chás go measann éinne gur dócha go mbeadh tionchar            suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol, is féidir leis, tráth ar bith roimh dheireadh 4 sheachtain ó dháta an fhógra seo, iarratas a dhéanamh ar Bhord Pleanála ar chinneadh scagtha ar an seans go dtiocfadh a leithéid éifeachtaí as an bhforbairt.

·       Rinneadh scagadh ‘Measúnacht Chuí’ Chéim 1 ar an bhforbairt atá beartaithe agus ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe nach bhfuil gá le Céim 2 ‘Measúnú Cuí’ [Ráiteas Tionchair Natura (NIS)]..

 

Tá pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh de, ó Dhéardaoin an 5 Eanáir 2023 suas go dtí deireadh gnó Déardaoin an 2 Feabhra 2023 ag an Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, ó 9:00rn go 4:00in Luan go hAoine (Seachas Laethanta Saoire Bainc). Le haghaidh coinní, déan teagmháil le rannóg na pleanála ag 091-536599 nó seol rPhost chuig  planning@galwaycity.ie.

Chun cáipéisí ghaolmhara a fheiceáil: Athruithe molta ar theach reatha an Mhinistir - https://www.galwaycity.ie/gccpart8/#/ 

Is féidir aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt bheartaithe a mbaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ina bhfuil an fhorbairt suite a dhéanamh i scríbhinn suas go dtí 4.00in ar Dhéardaoin an16 Feabhra 2023, agus ní mór á seoladh chuig An Pleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh; nó ar líne ag planning@galwaycity.ie. Ba chóir a thabhairt faoi deara go mbaineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le gach taifead atá i seilbh Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

 

Brian Barrett,

Stiúrthóir na Seirbhísí, Seirbhísí an Phobail agus Corporáideacha

Dátaithe ar an 5ú Eanáir 2023