Latest News

Fáiltiú Mhéara – Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh


Fáiltiú Mhéara – Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Fáiltiú Mhéara – Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh

Onóir tugtha do ATU as Gnóthachtálacha ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta WorldSkills 2022

Dé Luain an 13 Feabhra 2023, d'óstáil Méara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Clodagh Higgins, Fáiltiú Mhéara in onóir Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, in onóir a gcuid éachtaí ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta World Skills 2022. D'éirigh le 25 printíseach agus mac léinn ó gach cearn den ATU an bua a fháil chun áit a bhaint amach sa bhabhta ceannais náisiúnta i mí Mheán Fómhair 2022. Léiríonn an comórtas náisiúnta an chuid is fearr de thallann na hÉireann thar raon réimsí staidéir agus oibre ardteicniúla.

Ag labhairt di faoin méid atá bainte amach ag ATU, rinne an Méara Clodagh Higgins comhghairdeas leis na hiomaitheoirí, agus dúirt sí  “...Léirigh 25 printíseach agus macléinn ón ATU an chuid is fearr dár réigiún, agus iad san iomaíocht i 10 gcatagóir, i gcoinne breis is 180 duine óg. Thaispeáin iomaitheoirí ATU scileanna teicniúla, obair foirne agus bainistíocht ama den scoth agus níos tábhachtaí fós, an mhuinín agus an cumas oibriú faoi bhrú – éacht nach beag, le hos cionn 15,000 cuairteoir ag féachaint orthu agus iad in iomaíocht. Cé go raibh dianchomórtas i gceist, léirigh ceathrar daoine óga scileanna teicniúla den scoth chun na duaiseanna is fearr a thabhairt leo i gceithre chatagóir ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta. Bhain an grúpa fíorchumasach seo an dara agus an tríú háit amach chomh maith.”

Thug an Méara Higgins aitheantas freisin d'obair na meantóirí, na dteagascóirí agus na bhfostóirí, a thacaigh le hiomaitheoirí ina n-iarrachtaí, agus roinn siad a bpaisean ina gceirdeanna agus ina n-ábhair le glúin nua.

Labhair Uachtarán ATU, an Dr Orla Flynn, freisin agus thug sí aitheantas d'éachtaí na mac léinn, na bprintíseach agus na foirne.

Ghuigh an Méara Higgins gach rath ar na hiomaitheoirí i mBabhta Ceannais Domhanda WorldSkills in 2023, agus ina ngairmeacha agus ina gcuid staidéir amach anseo.

 

(Sa chéad phictúir - Sa phictiúr ag Fáiltiú Fáiltiú Mhéara in onóir do mhic léinn, printísigh agus foireann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tar éis a léirithe iontach ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta WorldSkills 2022 tá: Méara Chathair na Gaillimhe an Comhairleoir Clodagh Higgins; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dr Orla Flynn; Comhleoirí Alan Cheevers, Donal Lyons, Terry O’Flaherty, Neil McNelis, agus Frank Fahy; agus na mhic léinn, printísigh agus foireann ón Scoil Óstáin Idirnáisiúnta na Gaillimhe)

 

Fáiltiú Cathartha

Sa phictiúr ag Fáiltiú Mhéara in onóir do mhic léinn, printísigh agus foireann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tar éis a léirithe iontach ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta WorldSkills 2022 tá: Méara Chathair na Gaillimhe an Comhairleoir Clodagh Higgins; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dr Orla Flynn; agus na mhic léinn, printísigh agus foireann ón ATU Connemara.

 

Failtiu Catharta

Sa phictiúr ag Fáiltiú Mhéara in onóir do mhic léinn, printísigh agus foireann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tar éis a léirithe iontach ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta WorldSkills 2022 tá: Méara Chathair na Gaillimhe an Comhairleoir Clodagh Higgins; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dr Orla Flynn; agus na mhic léinn, printísigh agus foireann ón Scoil na hInnealtóireachta/ Bonneagair Dhigitigh.

 

Failitiu Cathartha

Sa phictiúr ag Fáiltiú Mhéara in onóir do mhic léinn, printísigh agus foireann Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, tar éis a léirithe iontach ag Babhtaí Ceannais Náisiúnta WorldSkills 2022 tá: Méara Chathair na Gaillimhe an Comhairleoir Clodagh Higgins; Uachtarán Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, an Dr Orla Flynn; agus na mhic léinn, printísigh agus foireann ón Scoil na hInnealtóireachta/ Teicneolaíocht Feithicleach