
TABHAIR FÓGRA LEIS SEO go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe de bhun Alt 6 den Acht Corr-Thrádála 1995, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Acht Corr-Thrádála 1995), 2018, agus gach reachtaíocht chumasaithe eile, Fodhlíthe nua a dhéanamh chun rialú a dhéanamh, i.e. maoirseacht agus riar Corr-Thrádála laistigh dá réimse feidhme.
Tá sé beartaithe Fodhlíthe Corrthrádála 2011 Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a chúlghairm
Tá cóip de na Fodhlíthe atá molta ar fáil lena scrúdú in oifigí Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, an Deasc Seirbhísí do Chustaiméirí, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, idir na huaireanta 9.00 r.n. go 4 p.m. ó Dé Luan 6 Márta, 2023 go dtí Dé hAoine, 7 Aibreán 2023.
Is féidir an fógra seo agus na Fodhlíthe molta a íoslódáil freisin ónár suíomh Gréasáin: www.galwaycity.ie/CasualTradingByeLaws
Tabharfar cóip de na Fodhlíthe atá beartaithe, saor in aisce d’aon duine dá leithéid a dhéanann iarratas air.
Ba cheart aighneachtaí i scríbhinn maidir le Dréacht-Fhodhlíthe Corrthrádála Chomhairle Cathrach na Gaillimhe 2022 a dhéanamh chuig an Rannóg Comhshaoil, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh tráth nach déanaí ná 4 p.m. ar Dé hAoine, 14 Aibreán, 2023 nó trí chuairt a thabhairt ar www.galwaycity.ie/submission
Déanfaidh an Chomhairle Cathrach gach aighneacht a mheas sula ndéanfar na Fodhlíthe.