Aimsíodh é seo i ndobharcheantar na Sionainne agus is tábhachtach dúinn cosc a chur ar á leathadh isteach i gcóras na Coiribe. Siad an slatiascaireacht agus na spóirt uisce na gníomhaíochtaí is mó riosca maidir lená leathadh. Cuirigí an chomhairle “Seiceáil Glan Tirim” de chuid Iascach Intíre Éireann go láidir chun cinn, go háirithe anois agus tús séasúir na turasóireachta buailte linn.
Tá comhairle de chuid an Ionaid Náisiúnta um Shonraí Bithéagsúlachta ar an speiceas chomh maith leis an gcomhairle “Seiceáil Glan Tirim” le fáil ag na naisc thíos
https://biodiversityireland.ie/quagga-mussel-alert/
https://invasives.ie/check-clean-dry-resources/
https://www.sailing.ie/News/id/4499/invasive-species-mussel-in-the-shannon
Achoimre ar na tionchair fhéideartha
Is scagaire friothálacha é an diúilicín cuagga a bhaineann orgánaigh phlanctónacha as colún an uisce. Ráta ard an scagacháin atá aige is d'fhéadfadh athruithe breise teacht ar cháilíocht an uisce agus ar dhinimic na cothaitheach sna lochanna go háirithe.
D'fhéadfaidh an diúilicín cuagga dul in iomaíocht le speicis dúchasacha na ndiúilicíní agus leis an diúilicín riabhach ionrach coimhthíoch (Dreissena polymorpha).
Is dócha go dtiocfaidh borradh breise ar an tsalú, lena n-áirítear struchtúir shaorga san uisce, báid agus árthaí uisce mar thoradh ar an an diúilicíní cuagga a bheith i láthair.
D’fhéadfadh go n-imreoidh sé tuilleadh tionchair ar cháilíocht uisce agus ar shláine éiceachórais uisceach na hÉireann. I gceantair faoi ionradh, is féidir leis an diúilicín cuagga laghdú suntasach a dhéanamh ar líon na bplandaí dúchasacha, líon na n-inveirteabrach agus líon na n-éisc.
Toisc go bhfuil lamháltas éiceolaíoch leathan aige agus go n-oireann dálaí aeráide na hÉireann leis, meastar go scaipfidh sé go forleathan san am atá romhainn. Tá an cuma ann gur fearr leis uisce níos fuaire agus gur féidir leis socrú ar dhríodar níos míne ná an diúilicín riabhacha, rud a mhíníonn go bhfuil sé níos fairsinge san uisce níos domhaine i roinnt lochanna coilínithe in áiteanna eile. Is féidir leis suas le 1 milliún ubh a tháirgeadh in aghaidh na bliana.