Latest News

Seolann an Ghníomhaireacht Forbartha Talún plean chun talamh ag Bóthar an Ghainimh i nGaillimh a bhunathrú chun feabhais


Seolann an Ghníomhaireacht Forbartha Talún plean chun talamh ag Bóthar an Ghainimh i nGaillimh a bhunathrú chun feabhais

Sheol an Ghníomhaireacht Forbartha Talún pleananna uaillmhianacha inné chun talamh atá thart ar Bhóthar an Ghainimh i nGaillimh a bhunathrú ina cheathrú uirbeach nua a chuimseoidh suas le 750 teach cónaithe tionachta measctha, a mbeidh tithe cónaithe sóisialta agus tithe cónaithe inacmhainne ina measc. Déanann an ghníomhaireacht sainchúram den acmhainneacht forbartha atá ag talamh poiblí tearcúsáidte a shaothrú agus de thithíocht inacmhainne a sholáthar, agus tháirg sí dréachtchreat spáis le haghaidh ceathrú ar a dtugtar Ceathrú an Ghainimh anois. Tá an Dréacht-Phlean á sheoladh mar chuid de phróiseas comhairliúcháin phoiblí sé seachtaine.

Sa Dréacht-Chreat Spáis le haghaidh Cheathrú an Ghainimh, mionsonraítear fís chuimsitheach le haghaidh na todhchaí agus tugtar breac-chuntas ar fhorbairt bharrmhaith an limistéir seo de Chathair na Gaillimhe atá suntasach ón taobh straitéiseach de, ina bhfuil sé beartaithe tithe cónaithe tionachta measctha a sholáthar, agus iad lonnaithe timpeall páirc lárnach agus sraith cúirteanna gairdín níos lú, páirceanna póca agus cearnóg phoiblí. Samhlaítear leis freisin go soláthrófaí spás oifige agus tráchtála ar ardchaighdeán, tírdhreachú bithéagsúil agus áiteanna a bhfuil géarghá leo chun cónaí, sóisialú agus obair iontu i ngar do lár cathrach na Gaillimhe.

Tá láithreán Cheathrú an Ghainimh lonnaithe thart ar Bhóthar an Ghainimh, agus é tuairim is 1.2 km ar shiúl ón bhFaiche Mhór in oirthuaisceart na cathrach. Tá sé laistigh d’fhad siúil cúig nóiméad déag ó mhórchinn scríbe de chuid na cathrach amhail Stáisiún an Cheanntaigh, Ollscoil na Gaillimhe agus Páirc Thír Oileáin. Dá bhrí sin, tairgtear leis an gcreat an fhéidearthacht chun limistéar athfhorbraíochta tearcúsáidte a bhunathrú chun feabhais dáiríre ina cheathrú uirbeach bheoga, úsáide measctha agus áisiúil do choisithe. Mionsonraítear ann freisin conas a d’fhéadfadh na pleananna le haghaidh na 10 heicteár, a bheag nó a mhór, comharsanacht inbhuanaithe nua a chruthú, ar comharsanacht í a nascfadh le pobail chónaithe agus ghnó atá ann cheana agus a bhreiseodh iad agus a ghníomhódh mar spreagthach le haghaidh láithreáin thearcúsáidte nó athfhorbraíochta in aice láimhe a athfhorbairt.

Príomhaidhm is ea tithe cónaithe inacmhainne ardchaighdeáin a sholáthar ar bhonn phrionsabail na hinbhuanaitheachta, agus soghluaisteacht ghníomhach agus rochtain ar spás oscailte ardchaighdeáin á soláthar freisin. Samhlaítear meascán cineálacha tithíochta agus beidh nascacht shóisialta agus dearadh atá dírithe ar an tsláinte ar áireamh sa cheathrú trí bhonneagar glas agus tithe cónaithe atá tógtha go hinbhuanaithe a sholáthar.

Tá limistéir shaintréithe sainiúla atá nasctha ar fud an láithreáin i gceist leis an gcur chuige deartha. Áirítear leo sin Ceantar na nGairdíní, áit a mbeidh na páirceanna póca lonnaithe, Slí an Ardáin, a bheidh ina pobal tráchtála a mbeidh spás oifige agus aonaid mhiondíola aige, agus Croí na Forbartha, a bheidh ina shaoráid phobail agus fiontar.

Sa chreat spáis, leagtar amach fís le haghaidh an limistéir lena dtógtar ar na beartais i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029, rud a glacadh le déanaí. Comhlánaíonn sé a lán tionscnamh suntasach eile atá ar bun i gCathair na Gaillimhe freisin. D’fhorbair an Ghníomhaireacht Forbartha Talún an creat spáis i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, arb í a comhpháirtí í, agus le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le Bord Soláthair an Leictreachais (BSL), ar príomh-gheallsealbhóirí iad, mar aon le húinéirí talún príobháideacha tadhlacha, a bhfuil a dtalamh mar chuid de limistéar an chreata freisin, agus a n-áitíonn gach ceann díobh an láithreán.  Beidh ar an dá Chomhairle agus ar BSL athlonnú sula gcuirfear tús leis an bhforbairt.

Thosaigh an comhairliúchán poiblí inné, an Luan an 3 Aibreán, agus beidh sé ar siúl ar feadh sé seachtaine go dtí an 12 Bealtaine. Áirítear leis comhairliúchán ar dhoiciméid tacaíochta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta. Is mian leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún tuairimí a fháil ó pháirtithe leasmhara agus ó gheallsealbhóirí, agus tá suíomh Gréasáin iomlán agus sraith acmhainní cumarsáide i bhfeidhm aici chuige sin. Bainfidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún úsáid as aiseolas ón gcomhairliúchán poiblí chun a shainaithint conas is féidir an láithreán a fhorbairt, agus cén áit a bhféadfaí an chéad chéim forbartha a chur ar siúl, sula bhfoilseofar leagan deiridh den chreat amach sa bhliain. Is é a bheidh i gceist leis an gcéad chéim eile ná go mbreithneofar an straitéis le haghaidh toiliú pleanála a fháil, rud a bheidh ag teastáil chun dul chun cinn a dhéanamh ar aon fhorbairt. Cuirfear tuilleadh comhairliúcháin phoiblí ar siúl sula n-iarrfar toiliú pleanála. Tá mionsonraí iomlána ar fáil ag www.thesandyquarter.ie agus is é community@thesandyquarter.ie an seoladh ríomhphoist teagmhála.

Táirgeadh an dréachtchreat spáis tar éis próiseas athbhreithnithe deartha ar reáchtáil Institiúid Ríoga Ailtirí Éireann é chun físeanna ardleibhéil d’acmhainneacht agus cumas na talún a sholáthar. C. 10

Dúirt John Coleman, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Forbartha Talún: “Is forbairt an-suntasach eile í seo don Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus is cuid í dár n-obair leanúnach ar acmhainneacht aon talún poiblí tearcúsáidte a bharrfheabhsú. Léirítear sa Dréacht-Chreat Spáis acmhainneacht iontach na talún seo agus fónann sé mar threoir maidir le conas is féidir an talamh a bhunathrú ó bhonn ó láithreán athfhorbraíochta ina cheathrú uirbeach bheoga. Tá an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ag glacadh páirt ghníomhach cheana féin i roinnt tionscadal tithíochta inacmhainne agus sóisialta le húdaráis áitiúla agus tá ríméad uirthi a bheith ag obair le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, le Comhairle Contae na Gaillimhe agus le BSL ar rud a chuirfidh go hollmhór le Cathair na Gaillimhe. Tá an saineolas againn chun an tionscadal seo a phleanáil agus a sholáthar agus táimid ag súil le déanamh amhlaidh.”

Dúirt Brendan McGrath, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: “Tá an-áthas ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe a bheith ag obair i gcomhpháirt leis an nGníomhaireacht Forbartha Talún chun dul chun cinn a dhéanamh ar an gcreat spáis straitéiseach seo le haghaidh limistéar Bhóthar an Ghainimh. Is láithreán an-tábhachtach é seo maidir le dlúthfhás, le taisteal gníomhach, le gníomhú ar son na haeráide agus leis an bhfás réamh-mheasta faoin daonra i gCathair na Gaillimhe faoin gCreat Náisiúnta Pleanála. Beidh dlúthfhás inbhuanaithe ina chuid thábhachtach de rath leantach Chathair na Gaillimhe, agus beidh pleananna uaillmhianacha ar nós an dréachtchreata spáis le haghaidh limistéar Bhóthar an Ghainimh ina gcuid dhílis de sin.

Táimid ag súil le comhairliúchán agus caidreamh réamhghníomhach le geallsealbhóirí, agus fáiltímid roimh a n-ionchur, roimh a n-eolas áitiúil agus roimh a léargas. Fáilteofar go mór roimh dhul chun cinn i dtreo toiliú pleanála a fháil, rud ina gcuirfear san áireamh an dearadh uirbeach is airde cáilíocht agus luath-thógáil iartheachtach na ceathrún uirbí nua seo sna blianta atá le teacht. Díreofar go háirithe i soláthar na comharsanachta cathrach nua seo ar thithe cónaithe inacmhainne agus sóisialta nua a mbeidh inchónaitheacht rí-inbhuanaithe ag gabháil leo a thógáil, spás oibre agus fóillíochta agus miondíol áitiúil a thógáil sa chroílár agus ríocht phoiblí nua bheoga agus spás taitneamhachta nua a thógáil.

Leis an athfhorbairt bheartaithe seo, bunathrófar an láithreán athfhorbraíochta seo de Ghaillimh chun feabhais – agus é faoi urchar méaróige ó lár na cathrach. Beidh Ceathrú an Ghainimh ina hábhar mór spreagtha le haghaidh athghiniúint na limistéar tadhlach sa todhchaí freisin.”

Is féidir cóip iomlán den Dréacht-Chreat Spáis le haghaidh Cheathrú an Ghainimh, Gaillimh, a aimsiú ar líne anseo: www.thesandyquarter.ie

Is é community@thesandyquarter.ie an seoladh ríomhphoist teagmhála.

 

Léigh níos mó Sandy Quarter Flyer