Latest News

Foilsiú Cháin Talún Criosaithe Cónaithe - Léarscáil Bhreise


Foilsiú Cháin Talún Criosaithe Cónaithe -  Léarscáil Bhreise

Tugadh an Cháin Talún Criosaithe Cónaithe isteach san Acht Airgeadais 2021. Tá an próiseas chun an talamh lena mbaineann an cháin a shainaithint ar bun anois agus beidh an cháin iníoctha ó 2024.

Ullmhaíodh léarscáil bhreise a aithníonn na nithe a chuireann leis an dréachtléarscáil a d’fhoilsigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe roimhe seo. Tá an Léarscáil Bhreise ar fáil anois ag www.galwaycity.ie/rzlt nó consult.galwaycity.ie, agus tá sí ar fáil freisin lena hiniúchadh ag na hOifigí Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh H91 X4K8 óna 9rn go 4in, Luan go hAoine.  

Léiríonn an Léarscáil Bhreise tailte a bheidh faoi réir na Cánach Talún Criosaithe Cónaithe. Tá go dtí an 1 Meitheamh 2023 ag úinéirí talún agus tríú páirtithe chun aighneacht a dhéanamh faoi cé acu an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an talamh ar an léarscáil na critéir maidir le bheith faoi réir na cánach.

Féadfaidh aon duine aonair nó páirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh maidir le talamh ar an léarscáil bhreise ón 1 Bealtaine 2023 go dtí an 1 Meitheamh 2023.  Is é an 01 Meitheamh 2023 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Is féidir aighneachtaí a dhéanamh:

•       Úsáid a bhaint as an tairseach aighneachtaí ar líne tar éis clárúcháin ag consult.galwaycity.ie

•       Trí ríomhphost chuig rzlt@galwaycity.ie agus

•       Sa phost chuig an bPleanálaí Sinsearach, An Roinn Pleanála, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 X4K8.

Níl tithe atá faoi réir na Cánach Maoine Áitiúil faoi dhliteanas na Cánach Talún Criosaithe Cónaithe. Mar sin féin, níl áitribh chónaithe níos mó ná 0.4047 (1 acra), faoi réir an RZLT ach ní mór dóibh clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Chun tuilleadh eolais a fháil nó chun aighneacht a dhéanamh tabhair cuairt le do thoil ar www.galwaycity.ie/rzlt nó consult.galwaycity.ie.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeart ar fáil freisin ag www.gov.ie/rzlt 

CTCC Léarscáil Bhreise - Do Cheisteanna Freagartha

RZLT Amlíne