Latest News

Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe, 2023-2029, Treoir maidir le hábhar Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)


Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe, 2023-2029, Treoir maidir le hábhar Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe, 2023-2029

Treoir maidir le hábhar Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú)

Pleanáil agus Forbairt (Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029) Treoir 2023

 

TABHAIR FAOI DEARA: Gur eisigh an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanála ar an 3 Bealtaine 2023 Treoir de bhun Alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) i ndáil le Plean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2023-2029.

De bhun Alt 31(17) den Acht, tuigtear go mbaineann éifeacht láithreach leis an Treoir seo agus tuigtear gur cuireadh a cuid téarmaí isteach sa phlean ón dáta sin.

Is féidir cóip den Treoir a scrúdú le linn gnáthuaireanta oscailte san Oifig Pleanála, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh, H91 F798 agus ar shuíomh Gréasáin na Comhairle Cathrach www.galwaycity.ie agus ar an tairseach comhairliúcháin ar líne consult@galwaycity.ie

Tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe i mbun an Treoir a chur isteach i bPlean Forbartha na Cathrach 2023-2029 agus cuirfear leagan críochnaithe den Phlean ar fáil ar ball beag.

Direction Letter

Section 31 Direction

Arna shíniú ag:

Patricia Philbin, Stíurthóir na Seirbhísí, Forbairt an Bhonneagair, Pleanáil agus Athrú na hAeráide