Latest News

Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann


Comhairliúchán Poiblí Timpeallachta Trasteorann

I gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún 1991 Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip ar Mheasúnú Tionchair an Chomhshaoil i gComhthéacs Trasteorann (“An Coinbhinsiún Espoo”) agus an Choinbhinsiúin maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas Ábhair an Chomhshaoil (“An Coinbhinsiún Aarhus”), fuair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta fógra ó Ard-Stiúrthóireacht Fuinnimh na Beilge maidir le ceadú dréachtbhille le haghaidh oibriú leanúnach imoibreoirí núicléacha Doel 4 agus Tihange 3 a cheadú ar feadh 10 mbliain eile.

 

Tá Stáisiún Cumhachta Núicléiche Doel suite i gCalafort Antuairp, ar an abhainn na Scheldt, timpeall 6km ón teorainn idir an Bheilg agus an Ísiltír. Tá Stáisiún Cumhachta Núicléiche Tihange suite ar bhruach Abhainn na Meuse, in aice le sráidbhaile Tihange i gCúige Liége an Vallúnaigh, timpeall 40 km ón teorainn idir an Bheilg agus an Ísiltír agus timpeall 65 km ón teorainn idir an Bheilg agus an Ghearmáin agus Lucsamburg. Tá sé tugtha le fios ag údaráis na Beilge, i gcomhréir lena gcuid dualgas faoin gCoinbhinsiún Espoo, go rachfaidh siad i gcomhairle leis na tíortha siúd atá laistigh de 1000km óna leithéid stáisiúin chumhachta núicléacha.

Séard atá sa tionscadal atá beartaithe na síneadh 10 mbliain ar fheidhmiú imoibreoirí Doel 4 agus Tihange 3 agus na hoibreacha feabhsúcháin um an tsábháilteacht núicléach a mbaineann leis an síneadh sin. Tá an tionscadal atá beartaithe á chur faoi bhráid measúnú tionchar na timpeallachta sa Bheilg. Measann rialtas na Beilge go bhfuil ról ríthábhachtach ag an tionscadal atá beartaithe maidir le soláthar a chuid leictreachais a dhaingniú go dtí an bhliain 2035. Tá an tionscadal ag teacht freisin leis an mbeartas gur mian leis an gCoimisiún Eorpach tabhairt faoi maidir le tuilleadh neamhspleáchais ó bhreoslaí iontaise agus le méadú na héagsúlachta i soláthar an fhuinnimh

Osclófar comhairliúchán poiblí ar bhonn náisiúnta le haghaidh aighneachtaí Dé Céadaoin an 17 Bealtaine 2023. Is féidir le héinne den phobal aighneacht nó tuairim a dhéanamh i scríbhinn, maidir haon éifeacht trasteorann ar féidir teacht as an tionscadal ar an gcomhshaol, roimh dheireadh uaireanta gnó Dé Céadaoin an 21 Meitheamh 2023. Ba cheart aon aighneacht nó tuairim a dhéanamh go díreach chuig údaráis na Beilge ag an seoladh rPhoist seo a leanas: 

nuclear@economie.fgov.be

Is féidir le héinne, ar mhian leis féachaint ar an gcomhfhreagras ó Roinn Rialtas na Beilge, ar na doiciméid lena bhaineann agus ar na naisc a cuireadh ar fáil leis an Tuarascáil iomlán ar Mheasúnú Tionchair na Timpeallachta chomh maith le gach doiciméad eile a bhaineann leis an iarratas ar cheadú forbartha do an fhorbairt atá bheartaithe, a leithéid a fheiceáil ag tairseach comhairliúcháin phoiblí de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag an nasc thíos:

https://consultation.dublincity.ie/planning/belgium-doel-4-and-tihange-3

Is féidir an fógra comhairliúcháin phoiblí a fheiceáil freisin in oifig Rannóg Pleanála gach údaráis áitiúil ar fud na tíre le linn uaireanta oifige, ach coinne a dhéanamh más gá. Tá cóip de na doiciméid seo ar fáil lena scrúdú, nó le ceannach ar tháille nach mó ná an costas réasúnach a bhaineann le cóip a dhéanamh, le linn uaireanta oifige. Cuirfidh gach údarás áitiúil naisc chuig gach doiciméad ar fáil ar líne. Má tá tuilleadh eolais uait ina leith, déan teagmháil le d’Údarás Áitiúil.

Ní féidir na doiciméid a fheiceáil ach le coinne amháin in oifigí údarás áitiúil áirithe. Dá bhrí sin, moltar go láidir duit dul i dteagmháil le d’údarás áitiúil le haghaidh an scéal a fhail amach sula dtaistilíonn tú chun na doiciméid a fheiceáil. Tá gach doiciméad a bhaineann leis an iarratas ar ceadú forbartha don fhorbairt a bheartaítear feiceáil freisin ar shuíomh Gréasáin Gheilleagar SPF na Beilge, lena n-áirítear aon fhaisnéis sa bhreis a glacadh, ag suíomh Gréasáin Geilleagar SPF na Beilge léi ag:

https://economie.fgov.be/en/Doel4-Tihange3

 

Transboundary EIA notification from the Belgian Minister of Energy dated 30 June 2022 

Part I General framework and methodology of EIA Doel 4 and Tihange 3.pdf

Part II Doel 4 EIA

Part III Tihange 3 EIA

Part IV Overall Decision EIA

Queries raised by the EPA and response received from Belgian authorities

20230329 EIAR Non technical summary

Additional transboundary notification dated 20 March 2023