
Léirithe suime maidir le hUrraíocht ar Thionscnaimh Áineasa agus Conláiste 2018
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe cuireadh a thabhairt do pháirtithe a bhfuil suim acu ann cúnamh airgeadais a thabhairt do thionscnaimh áineasa agus conláiste sa Chathair. Iarrtar léirithe suime ó chomhlachtaí, eagraíochtaí nó aonaid thráchtála a chur i scríbhinn.
Tá imlíne na scéime agus sonraí an eolais atá riachtanach sna túschéimeanna ar fáil ar cháipéis shonraithe ar féidir í a fháil ó Sheirbhísí Custaiméara i Halla na Cathrach nó ar féidir í a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle.
Is é an dáta is deireanaí d’iarratais ná 12 meánlae ar an Aoine an 6 Aibrean 2018.
Tomás Ó Conaill,
Stiúrthóir Seirbhísí,
Stiúrthóireacht Iompair, Áineasa & Conláistí agus Seirbhísí Corparáideacha.