COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE DRÉACHT MHÁISTIRPHLEAN TAILTE BHAILE AN RÍ
-
Tue 17 Apr, 2018
- Nuacht Caitheamh Aimsire
COMHAIRLE CATHRACH NA GAILLIMHE
DRÉACHT MHÁISTIRPHLEAN TAILTE BHAILE AN RÍ
Is mian le Comhairle Cathrach na Gaillimhe a mheabhrú go bhfuil Dréacht-Mháistirphlean Bhaile An Rí ar fáil agus tá leagan amach na dtailte á gcur ar fáil le haghaidh tuilleadh féachana/tráchta ar an 12 Aibreán go dtí an 4 Bealtaine 2018, an dá dháta san áireamh.
Beidh lá faisnéise poiblí ar siúl Déardaoin 19 Aibreán ó 2.30pm go 7pm i Lárionad Pobail Chnoc na Cathrach, Páirc na Ceapaí, Bóthar na Ceapaí, Gaillimh ina bhféadfar na pleananna a fheiceáil agus na tuairimí a thaisceadh. Is féidir an doiciméadú a fheiceáil agus a íoslódáil ón láithreán gréasáin ag www.galwaycity.ie.
Ní mór gach aighneacht a chur isteach trí ríomhphost chuig parks@galwaycity.ie nó tríd an bpost chuig an Rannóg Caitheamh Aimsire & Áineasa, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Halla na Cathrach, Bóthar an Choláiste, Gaillimh tráth nach déanaí ná 4pm Dé hAoine 4 Bealtaine 2018
Tomás Ó Conaill,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Stiúrthóireacht Iompair, Caitheamh Aimsire & Áineasa agus Seirbhísí Corparáideacha.