Cad is Oiriúnú Aeráide ann?
Is éard atá i gceist leis an Oiriúnú Aeráide athrú ar chórais nádúrtha nó dhaonna mar fhreagairt ar thionchair an athraithe aeráide. Déanann na hathruithe seo dochar a mhaolú nó leas a bhaint as deiseanna tairbheacha agus d'fhéadfadh sé go mbeadh na hathruithe ann mar fhreagairt ar thionchair iarbhír nó ar thionchair a bhfuiltear ag súil leo.
Straitéis um Oiriúnú Aeráide 2019-2024
Is riachtanas í an Straitéis um Oiriúnú Aeráide do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe. Tá tuilleadh eolais faoin gCreat Náisiúnta Oiriúnaithe ar fáil ach an nasc thíos a leanúint
Ar an Luan, an 9 Meán Fómhair 2019, ghlac Comhairle Cathrach na Gaillimhe d'aon toil leis an Straitéis um Oiriúnú Aeráide 2019-2024.