Tá an t-athrú aeráide ar cheann de na ceisteanna is contúirtí roimh gach pobal, roimh an mbonneagar fisiciúil, roimh an mbithéagsúlacht agus roimh an gcreatlach shóisialta a fhágann gur áit ar leith í Cathair na Gaillimhe le cónaí inti. Tá an brú orainn beart uaillmhianach a dhéanamh trí mhaolú (laghdú astuithe is cúis le hathrú na haeráide) agus trí oiriúnú (feabhas a chur ar an athléimneacht i leith na dtionchar agus na gcontúirtí a mbaineann le hathrú na haeráide).
Cén fáth go bhfuil orainn Plean ar Son na hAeráide a fhorbairt?
Faoi réir Acht na hÉireann um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) (2021), tá ceanglas dlí anois ar Éirinn astaíochtaí glan-Nialais a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain2050 chomh maith le hastuithe 51% níos lú faoi dheireadh na deich mbliana seo. Ceanglaíonn an tAcht ar na húdaráis áitiúla Plean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil (PGAÚÁ) a ullmhú a ritheann ar feadh 5 bhliain chun spriocanna náisiúnta laghdú na n-astuithe a bhaint amach agus chun an athléimneacht a fhorbairt i leith na dtionchar a dtagann as athrú na haeráide..
Cén spriocdháta na feidhmíochta atá i gceist?
Ar an 24 Feabhra 2023 thug an tAire treoir do na húdaráis áitiúla pleananna gníomhaíochta ar son na haeráide a ullmhú agus, faoina leithéid reachtaíochta, ní mór do na húdaráis plean a ghlacadh laistigh de 12 mhí. Ní mór bearta oiriúnaithe chomh maith le beartaithe maolaithe a chur isteach san PGAÚÁ.
Cad a bheidh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide?
GBainfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe úsáid as an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide (PGA) aici agus í ag pleanáil conas a laghdóidh sí astuithe na ngás ceaptha teasa óna cuid réadmhainní agus óna cuid bhonneagair féin agus, ag an am céanna ról, níos fairsnge a ghlacadh chun tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí na bpobal`agus na ngeallshealbhóirí eile ar son na haeráide a éascú agus a chomhordú agus an méid a dhéanfaidh sí chun tacú le gníomhaíocht ar son ha h aeráide i gCathair na Gaillimhe..
Conas is féidir leis an bpobal cuidiú leis an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a fhorbairt?
Iarrtar ar an bpobal aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr is féidir leis an gComhairle aistriú chuig geilleagar atá athléimneach ó thaobh na haeráide de, le flúirse na bithéagsúlachta ann, atá inbhuanaithe ó thaobh an na timpeallachta de agus atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh ag an nasc thíos, atá le fáil freisin ar an suíomh gréasáin galwaycity.ie. Beidh an tréimhse chomhairliúcháin réamhdhréachta tosaigh ar oscailt suas go dtí an 8 Meán Fómhair 2023.
CLICEÁIL ANSEO LE HAGHAIDH AIGHNEACHT A DHÉANAMH
Cáipéisíocht ghaolmhar
Tá Tuarascáil Bhunlíne Fardal na n-Astuithe foilsithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, a léiríonn na hastuithe reatha sa chathair agus a scrúdaíonn an chaoi ar tháinig athrú ar aeráid na cathrach le blianta beaga anuas. Foilsíodh tuarascáil ar Mheasúnú an Riosca freisin, a thaispeánann na rioscaí a d’fhéadfadh an tionchar a bheith acu ar athrú na haeráide sa chathair amach anseo. D'fhonn gach ceann de na cáipéisí seo a fheiceáil, déan na naisc thíos chliceáil:
Breac-thuarascáil ar an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide de chuid Chathair na Gaillimhe
Fardal Bunlíne na n-Astuithe de chuid Chathair na Gaillimhe (PDF)
Tuarascáil Chathair na Gaillimhe um Mheasúnú Riosca na hAeráide (PDF)