Scéim Rogha Tithíochta

  • Cad é an Scéim Rogha Tithíochta (SRT)?

    Is córas ar líne é SRT a ligeann d’iarratasóirí ar an liosta feithimh tithíochta spéis a léiriú in aonaid tithíochta atá le ligean ar cíos. Déantar aonaid tithíochta  a leithdháileadh i gcónaí de réir thosaíochtaí Scéim Ligin na Comhairle.  Feidhmíonn an SRT mar scagaire breise sa phróiseas Leithdháiltí trí bhreithniú a dhéanamh ar na hiarratasóirí sin amháin a léiríonn spéis in aonaid tithíochta  áirithe.

    Fógraítear aonaid tithíochta go tréimhsiúil ar feadh seachtaine ón gCéadaoin go dtí an Máirt dar gcionn. Fógrófar na haonaid tithíochta atá le teacht ar cbl.galwaycity.ie agus iarrfar ar iarratasóirí léiriú spéise a chur isteach maidir le haonaid tithíochta ar mian leo iarratas a dhéanamh air. Braitheann líon na n-aonad cónaithe a fhógraítear gach seachtain ar aonaid tithíochta a bheith ar fáil.

    Ní féidir leo siúd atá ar an Liosta Feithimh Tithíochta spéis a léiriú ach in aonaid tithíochta dá gcáilíonn siad ó thaobh líon na seomraí codlata agus an Rogha Ceantair.

    Barr...

  • Conas is féidir liom bheith páirteach sa Scéim Rogha Tithíochta?

    Gheofar teacht ar an gcóras SRT ag cbl.galwaycity.ie.  Is féidir logáil isteach sa chórtas SRT ar fhón, táibléad, ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce. 

    Tar éis cáiliú do thacaíocht tithíochta sóisialta, gheobhaidh tú  litir ina mbeidh Ainm Úsáideora agus Pasfhocal, mar aon le faisnéis faoi conas an suíomh Gréasáin cbl.galwaycity.ie a úsáid.  Tá ranganna teagaisc físe ar an suíomh Gréasáin a thaispeánfaidh duit conas logáil isteach agus léiriú spéise a dhéanamh.

    Barr...

  • Cad iad na cineálacha aonad cónaithe a fhógraítear ar SRT?

    Fógrófar aonaid tithíochta údaráis áitiúil agus de chuid Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta ar SRT.  Mar sin féin, ní fhógrófar aonaid tithíochta a chomhlíonann na riachtanais aonair ar leith lena n-áirítear na haicmí teaghaise seo a leanas:

    • Aonaid tithíochta do Dhaoine Scothaosta
    • Tithíocht atá Oiriúnaithe go Speisialta
    • Grúp-Scéim Tithíochta don Lucht Siúil. 

    Leithdháilfear aonaid chónaithe den sórt sin ar leithligh d'iarratasóirí a oireann do na cineálacha áiteanna cónaithe seo.

    Barr...

  • Cad a tharlóidh má bhíonn sé deacair orm an Scéim Rogha Tithíochta a úsáid?

    Glaoigh ar bhall dár bhFoireann Seirbhísí do Chustaiméirí i gComhairle Cathrach na Gaillimhe ar (091) 536400 má tá aon chúnamh uait chun an suíomh SRT a úsáid.   Má tá ceist agat nach fhreagraítear sna Ceisteanna Coitianta seol ríomhphost chuig cbl@galwaycity.ie.

    << OSCAIL AN SCÉIM ROGHA TITHÍOCHTA ANSEO >>

    Top...