An bhfuil teach nó árasán folamh agat, nár mhór deisiú a dhéanamh air, ach níl an t-airgead agat? Má tá, seans go gcuirfidh tú spéis sa scéim thuas.
Faoin scéim seo, is féidir áiteanna cónaithe folmha a athchóiriú agus mar chúiteamh, cuirtear an réadmhaoin ar fáil don Chomhairle le haghaidh tithíocht shóisialta trí shocrú léasa.
Tá buntáistí ag gabháil leis seo d'úinéir na réadmhaoine, ar nós:
- Cíos ar féidir brath air
- Ní gá déileáil le tionóntaí
- Ní gá gnáth-chothabháil a dhéanamh air
- Ní gá cíos a bhailiú ná tionóntaí a aimsiú
- Ní chailltear teacht isteach nuair a bhíonn an teach folamh
Gheofar tuilleadh eolais, mar aon le foirm iarratais agus na sonraí iomlána ar ár suíomh gréasáin:
Tuilleadh eolias: Scéim Tionscnaimh Deisithe agus Léasaithe
Más dóigh leat go n-oirfeadh an scéim seo duitse, cuir glao ar-
An Roinn Tithíochta
Comhairle Cathrach na Gaillimhe
Halla na Cathrach
Bóthar an Choláiste
Gaillimh
Teileafón 091 894371 nó ríomhphost: housing@galwaycity.ie