Tuarascáil Aiseolais Chomhairliúcháin Phoiblí – Meán Fómhair 2022
Tá an Tuarascáil ar Thoradh an Chomhairliúcháin Phoiblí, ina shonraítear an t-aiseolas a fuarthas, na comhairliúcháin a rinneadh agus ‘Na Chéad Chéimeanna Eile’ ar fáil anois.
Tuarascáil Aiseolais Chomhairliúcháin Phoiblí
Plean Seachadta Achoimrithe - Aibreán/Bealtaine 2022
In Aibreán/Bealtaine 2022, d’aontaigh Oifigeach Bonneagair Scoileanna Glasa de chuid an Taisce, i gcomhar le hionadaithe scoile, an Plean Seachadta Achoimrithe d’idirghabhálacha le himscrúdú agus le cur chun cinn mar chuid de Chlár SRTS do Scoil Iognáid, ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
Crios Scoile Scoil Iognáid – Comhairliúchán Poiblí, Mí Bhealtaine na bliana 2022
Réamhrá
Mar chuid den chlár Bealaí Sábháilte ar Scoil (BSAS), tá teagmháil á dhéanamh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le pobal scoile Scoil Iognáid chun dearadh ‘aghaidh na scoile’ a fhorbairt chun á dhéanamh níos sábháilte do leanaí atá ag siúl, ag rothaíocht agus ag scútáil ar scoil. Rachaidh an dearadh chun tairbhe freisin do chónaitheoirí agus do chomaitéirí a mbíonn ag siúl agus ag rothaíocht trína gcomharsanacht.
Tacóidh 99% de thuismitheoirí/chaomhnóiri Scoil Iognáid leis na hoibreacha ar aghaidh na scoile a fheabhsaíonn sábháilteacht na ndaltaí agus a chuireann coisithe agus rothaithe chun tosaigh.
Tacódh 99% de na tuismitheoirí/caomhnóirí le hoibreacha a fheabhsódh na bealaí siúlóide agus rothaíochta ar scoil.
(Suirbhé Taistil na dTuismitheoirí agus na gCaomhnóirí 2021)
Nuair a cuireadh ceist ar thuismitheoirí/chaomhnóirí i Scoil Iognáid cén feabhsú a thacódh lena gcuid páistí siúl, rothaíocht nó scútáil ar scoil, ba iad na freagraí is minice ná:
- Rotharbhealaí nua/feabhsaithe (83%)
- Ionaid trasnaithe níos sábháilte (78%)
- Cosáin nua/feabhsaithe (62%)
- Laghdú ar luas na tráchta (57%)
Tá dearadh curtha le chéile ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe chun aghaidh a thabhairt ar an imní a léirigh tuismitheoirí/caomhnóirí, agus tá aiseolas á lorg aici ón bpobal ar na moltaí.
Cad atá molta i leith Scoil Iognáid?
Tá dearadh ‘Crios Scoile’ forbartha do Scoil Iognáid, atá bunaithe ar threoir deartha náisiúnta na mBealaí Sábháilte ar Scoil agus ar rannpháirtíocht leis an scoil. Baineann na treoir dearaidh siúd ar nós an Lámhleabhar Rothaíochta Náisiúnta agus an Lámhleabhar Dearaidh do Shráideanna Uirbeacha leis an dearadh chomh maith.
Gnéithe atá Molta:
- Mullaird bata chun cosc a chur ar pháirceáil ar na cosáin ar bhfuil leanaí ag siúl
- Marcanna bóthair ag aibhsiú na scoile do thiománaithe
- Cosáin Leanúnacha ag tabhairt ‘tosaíocht an amhairc’ do choisithe agus a mhoillíonn carranna
- Acomhail níos déine a fhágann go bhfuil acomhal níos giorra ann do leanaí le haghaidh trasnú an bhóthair
- Línte buí dúbailte chun cur in aghaidh gluaisteáin pháirceáilte ag cur bac ar an trácht/ar amharclíne na bpáistí
- Cosáin nua/deisithe/níos leithne
- Trasrianta coisithe agus dromchla frithsciortha
Is féidir na líníochtaí i leith Scoil Iognáid a fheiceáil anseo
Is féidir léiriú ‘caint tríd’ den líníocht a fheiceáil anseo
Bileog le híomhánna le Eiliminti Molta