Tuairisciú Síntiús Polaitiúil ag Tríú Páirtithe nach deanaí ná 31 Márta 2023
Tá forálacha an Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh) 1999, arna leasú i ndáil le tríú páirtithe deartha chun an duine nó na daoine sin laistigh den réimeas síntiús polaitíochta a chur i bhfeidhm ag leibhéal an rialtais áitiúil.
Sainmhínítear 'tríú páirtí' sa reachtaíocht mar aon duine, seachas páirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta faoi Chuid III den Acht Toghcháin 1992 nó iarrthóir i dtoghchán, a ghlacann, i mbliain áirithe, síntiús ar mó a luach ná €100.
Caithfidh an 'tríú páirtí' clárú le Comhairle Cathrach na Gaillimhe nó Údarás Áitiúil ábhartha eile, cuntas síntiús polaitíochta a oscailt agus chun ráiteas ó institiúid airgeadais le deimhniú agus dearbhú reachtúil a chur faoi bhráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tráth nach déanaí ná 31 Márta gach bliain.
Leigh níos mó: Síntiús Polaitiúil ag Tríú Páirtithe