Fáilte chuig Siúlóidí Bithéagsúlachta na Gaillimhe!

Is iad Cairde Éanlaith Éireann agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe a d’fhorbair an acmhainn seo, ar mhaithe leis an bhflúirse bithéagsúlachta agus spásanna glasa inár gcathair a chur os comhair an phobail, mar chuid den ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa 2017 a bronnadh ar Chathair na Gaillimhe.

Tá ceithre bhealach ann – tá bileog eolais is féidir a íoslódáil do gach ceann a léiríonn deacracht an bhealaigh, fad an bhealaigh agus eolas cúlra. Clúdaíonn gach bealach réimse speiceas, díolta suntais agus gnéithe nádúrtha is féidir a fheiceáil sa cheantar sin.

Is féidir go leor íomhánna agus físeán d’fhiadhúlra a fheiceáil ar na bealaí ar line, ach is de shiúl na gcos atá an bealach is fearr le leas a bhaint as Gaillimh

Siúlóidí

Barna Woods (PINK Route)
Coill Bhearna (PINK Route)
Mapa Scéalta
Bileog Eolais (PDF, 5.7Mb)
Meáin
Small Wood Reserve (YELLOW Route)
Coillte Mheirlinne (YELLOW Route)
Mapa Scéalta
Bileog Eolais (PDF, 5Mb)
Meáin
Galway City Canal Network, Nimmo's Pier and Mutton Island (PURPLE Route)
Gréasán Canálacha Chathair na Gaillimhe, Cé Nimmo & Inis Caorach (PURPLE Route)
Mapa Scéalta
Bileog Eolais (PDF, 8Mb)
Meáin
Rusheen Park and Silver Strand (RED Route)
Cuan an Roisín, Cuisle Uí Fhiachra agus Trá na gCeann (RED Route)
Mapa Scéalta
Bileog Eolais (PDF, 5Mb)
Meáin

What to see and hear

Stonechat footage - Crossing the Line
Stoat footage on trail camera in Barna Woods - John Lusby
Kingfisher footage - Noel Marry
Grey heron footage - Crossing the Line
Grey heron footage - Crossing the Line

Dawn chorus (2014) - Mooney Show, RTÉ

Bithéagsúlacht i nGaillimh

Tá Cathair na Gaillimhe lonnaithe ag béal Abhainn na Gaillimhe agus í ag an acomhal idir bratphortaigh Chonamara san iarthar agus an talamh íseal feirme in oirthear na Gaillimhe. Ainneoin go bhfuil borradh faoin uirbiú sa chathair le fiche bliain anuas, tá fairsinge agus éagsúlacht shuntasach gnáthóg nádúrtha agus fiadhúlra laistigh de chríocha na cathrach.

D'aithin Fardal Ghnáthóga Chathair na Gaillimhe 58 gnáthóg éagsúil laistigh de chríocha na cathrach. Is réimse ollmhór é seo i gcomparáid le ceantair uirbeacha eile atá ar an méid chéanna a bheag nó a mhór. Glactar leis go bhfuil 22 ceann de na gnáthóga a aithníodh ina ngnáthóga annamha go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus baineann ardluach éiceolaíoch agus bithéagsúlachta leo.

Léiríonn dáileadh agus éagsúlacht na ngnáthóg sa chathair fairsinge na geolaíochta agus na cré a bhaineann leo, mar aon leis an aeráid agus stair úsáidte na talún. In iarthar na cathrach, tá aigéad, talamh móna agus móinteach, a luíonn ar charraigeacha eibhir. Is cloch aoil atá faoi thuaisceart agus oirthear na cathrach agus bíonn lomán carraige ann in áiteanna. Tá na dobharlaigh agus na bogaigh a nasctar le córas Abhainn na Gaillimhe ar thus cadhnaíochta ar lár agus ar chiumhais na cathrach.

Tá roinnt áiteanna coillearnaí sa chathair, mar aon le paistí gragáin agus tá gréasáin chasta fálta sceach agus ballaí cloiche laistigh de chrios talmhaíochta na cathrach. Tá réimse éagsúil gnáthóg mar chuid de chrios cósta Chathair na Gaillimhe lena n-áirítear aillte cósta, riasc goirt, bruacha scaineagán agus cladaí lábacha agus carraigeacha.

Plean Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe

Ceisteanna Coitianta

Céard is bithéagsúlacht ann?

Baineann bithéagsúlacht nó éagsúlacht bhitheolaíoch leis an éagsúlacht neach beo a chónaíonn ar domhan, ina measc daoine, plandaí, ainmhithe, fungais agus miocrogánaigh. Tá an bhithéagsúlacht ríthábhachtach do ‘sheirbhísí éiceachórais’ a chuireann le folláine ár bpláinéid – agus le folláine an duine. Is ionann seirbhísí éiceachórais agus na buntáistí a bhaineann daoine as an timpeallacht nádúrtha agus as éiceachórais a bhíonn ag feidhmiú mar is ceart, e.g. pailniú, aer glan, ithir shaibhir, rialúchán tuilte. Is féidir tionchar a bheith ag na cinntí a dhéanann daoine ar an mbithéagsúlacht, agus ar na hainmhithe, ar na héin, ar an bhfiadhúlra, ar chaighdeán an aeir, ar fholláine speiceas agus ar a bhfolláine féin.

Cár féidir liom níos mó eolais a fháil faoin mbithéagsúlacht i gCathair na Gaillimhe?

Is féidir leat Plean Bithéagsúlachta Chathair na Gaillimhe a íoslódáil. Is féidir leat níos mó eolais a fháil ar cheantair caomhnaithe fiadhúlra i gCathair na Gaillimhe ar shuíomh na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Cad atá i gceist le Duilleog Ghlas na hEorpa?

Comhthionscnamh de chuid dhuais Phríomhchathair Ghlas na hEorpa is ea an t-ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa. In 2016, bhronn an Coimisiún Eorpach an t-ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa 2017 ar Chathair na Gaillimhe. Bronntar an t-ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa ar chathracha a bhfuil cruthúnas seanbhunaithe acu ar na hardchaighdeáin timpeallachta atá acu agus ar a thiomanta atá siad spriocanna uaillmhianacha a leagan amach chun dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na timpeallachta de amach anseo agus úsáid forbartha inbhuanaithe mar bhonn agus mar thaca aige seo. Is í Gaillimh an chéad chathair in Éirinn ar bronnadh an t-ainmniúchán Duilleog Ghlas na hEorpa uirthi.

Cad is mapa scéalta ann?

Mapa idirghníomhach atá i mapa scéalta le téacs scéil, le híomhánna agus le hábhar ilmheánach. Uirlis shimplí ach uirlis chumhachtach atá i mapaí scéalta chun rudaí a chur in iúl agus dul i bhfeidhm ar dhaoine agus eolas ar leith a scaipeadh.