Straitéis Iompair na Gaillimhe

GTS Consultation Flyer [PDF 1MB]

GTS PC Boards - English [PDF 9MB]

GTS PC Boards - Gaeilge.pdf [PDF 8MB]

GTS Appendix A Transport Demand [PDF 5MB]

GTS Appendix B Modelling and Appraisal [PDF 4MB]

GTS Appendix C Public Transport Network Development [PDF 5B]

GTS Appendix D Public Transport Infrastructure Development [PDF 18MB]

GTS Appendix E Park and Ride Location Analysis [PDF 2MB]

GTS Appendix F Cycle Network and Infrastructure Development [PDF 3MB]

GTS Appendix G Public Realm Proposals [PDF 4MB]

GTS Appendix H Smarter Mobility [PDF 1MB]

GTS Appendix I Strategic Environmental Assessment [PDF 6MB]

GTS Appendix J NIS [PDF 33MB]

GTS Appendix K SFRA [PDF 3MB]

GTS Executive Summary Report - English [PDF 9MB]

GTS Executive Summary Report - Irish [PDF 9MB]

GTS Main Technical Report [PDF 7MB]

Straitéis Iompair na Gaillimhe

Tá Straitéis Iompair na Gaillimhe (GTS) forbartha ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe & ag Comhairle Chontae na Gaillimhe, i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair, agus is Straitéis Iompair Chomhtháite do Chathair na Gaillimhe agus don Cheantar Máguaird atá ann.

Leagtar amach leis an GTS sraith gníomhartha agus bearta, a bhaineann le gnéithe bonneagair, feidhme agus beartais a bheidh le cur i bhfeidhm i nGaillimh sna 20 bliain atá amach romhainn agus leagtar amach creat chun na tionscadail a sheachadadh ar shlí chéimnithe.

 

Cén fáth ar forbraíodh an GTS?

Tá fadhb mhór le cúrsaí iompair i nGaillimh, bíonn daoine ag brath an oiread sin ar an gcarr mar mhodh taistil, agus bhí tionchar nach beag ag an líonra iompair phoiblí reatha ar an bhfadhb agus ag áiseanna rothaíochta teoranta, an chúlchríoch tuaithe mór atá ann agus freisin mar go bhfuil Gaillimh lonnaithe ag an bpríomhgheata isteach agus amach as Conamara.

Sa bhreis air sin, tá líonra bóithre agus sráideanna nach bhfuil oiriúnach don líon mór tráchta a bhíonn ag taisteal orthu faoi láthair agus tá tuilleadh brú tráchta agus moilleadóireacht dhá bharr, bíonn drochthionchar aige sin ar chaighdeán maireachtála na ndaoine agus tionchar freisin acu ar chomh maith agus a oibríonn an Chathair.

Chun aghaidh a thabhairt air, caithfear athrú bunúsach a dhéanamh i dtreo thaisteal inbhuanaithe, ní fhéadfar a bheith ag brath an oiread agus atá ar an gcarr príobháideach agus caithfear rud éigin a dhéanamh chun go mbeidh sé níos éasca teacht go Gaillimh agus go mbeidh naisc ann, agus ar an tslí sin feabhas a chur ar chaighdeán maireachtála sa Chathair do chách. Tá deis againn oibriú le chéile chun go mbeidh Gaillimh mar eiseamláir maidir le Taisteal Níos Cliste in Éirinn.

Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, is iad seo a leanas cuspóirí straitéiseacha iompair Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:

· iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus a spreagadh
· an trácht a bhainistiú ar shlí a chuireann an méid agus is féidir le soghluaisteacht agus le gluaiseacht shábháilte
· bonnagar a chothabháil agus a fhorbairt/a uasghrádú

Tá an GTS in iomlán ceangailte, agus soláthraítear ann dearcadh foriomlán ar na bearta a thabharfar isteach agus na cáipéisí teicniúla a thacaíonn leo.

Sna míonna atá amach romhainn, cuirfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe tús le tabhairt isteach na mbearta atá san áireamh san GTS.