Struchtúir Chontúirteacha

  • Céard is Struchtúr Contúirteach ann?

    Pléitear struchtúir chontúirteacha san Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964, áit a dtugtar "déanmhas contúirteach" orthu agus a ndeirtear go gciallaíonn sé sin:

    (a) Aon fhoirgneamh, balla nó déanmhas eile de chineál ar bith, nó
    (b) Aon chuid, nó aon rud atá greamaithe, d'fhoirgneamh, de bhalla nó de dhéanmhas eile de chineál ar bith,

    Arb é tuairim an údaráis sláintíochta ar ina cheantar sláintíochta atá sé go bhfuil sé, nó gur dóigh dó bheith, contúirteach do dhuine nó do mhaoin ar bith.

    Top...

  • Cé hé an tÚdarás Sláintíochta?

    Is í Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tÚdarás Sláintíochta dá ceantar feidhmiúcháin, Cathair na Gaillimhe.

    Top...

  • What does the Council do regarding Dangerous Structures?

    Fiosraíonn Rannóg Comhshaoil agus Athraithe Aeráid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe gach gearán a fhaightear faoi údar imní faoi fhoirgnimh nó struchtúir a bhféadfaí Struchtúr Contúirteach a thabhairt air.

    Má chinntear de bharr an fhiosraithe gur struchtúr contúirteach é an struchtúr, féadfaidh an Chomhairle a cumhachtaí a úsáid faoi alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1964 chun Fógra a thabhairt don Úinéir ag ceangal ar an Úinéir cibé oibreacha a dhéanamh a bhéarfaidh, i dtuairim an údaráis, nach mbeidh an struchtúr ina Struchtúr Contúirteach.

    Mura gcomhlíonann duine ar ar seirbheáladh Fógra maidir le Struchtúr Contúirteach téarmaí an Fhógra, féadfaidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche faoin gcás.

    Top...

  • Cé leis a thuairisceoidh mé Foirgneamh/Struchtúr a bhfuil mé buartha faoi?

    Top...

  • Teagmhálaithe sa Chomhairle Cathrach

    Helen McDonagh, Oifigeach Riaracháin, an Rannóg Comhshaoil 091 536484

    Fiona Griffin, Oifigeach Cúnta Foirne 091 536503

    Top...