Taisteal Gníomhach

Taisteal Gníomhach/Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe

Is clár infreastruchtúir é an Taisteal Gníomhach/Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe atá ann chun soláthar maidir le Taisteal Gníomhach (siúl agus rothaíocht) i gCathair na Gaillimhe a fheabhsú.

Tá an clár seo maoinithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, agus ag an gCiste Forbartha Réigiúnaigh Uirbeach (Gairm 1). Maoiníonn Fáilte Ireland bealach Taistil Ghníomhach Chanáil Eglinton freisin.

Áirítear leis an Taisteal Gníomhach/Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe infreastruchtúr don siúl, e.g. trasrianta coisithe, cosáin; agus don rothaíocht, e.g. cosáin rothar, lánaí rothar, páirceáil rothar. Is cuid lárnach de pholasaí an Rialtais é infreastruchtúr siúil agus rothaíochta a sholáthar – ag tacú le rochtain agus buaine; deiseanna a sholáthar don taisteal gníomhach agus gníomhaíocht coirp; agus tacú le gníomhaíocht ar son na haeráide inár gcathair.

Is cuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG) é an Taisteal Gníomhach/Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe, a d’fhorbraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Comhairle Contae na Gaillimhe agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair i gcomhar lena chéile.

Glacadh leis an SIG in 2016 agus ionchorpraíodh é i bPlean Forbartha Chathair na Gaillimhe 2017-2023 in Eanáir 2017. In Aguisín an SIG, moltar ‘Croí-Líonra Rothaíochta’ mar cheann de deich mbeart chun líonra iompair Chathair na Gaillimhe a fheabhsú.

Is ceantar é Cathair na Gaillimhe nach bhfuil scaipthe amach, atá measartha cothrom agus atá oiriúnach don rothaíocht mar  mhodh iompair. Siúlann 22% díobh siúd atá ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe chun na hoibre, na scoile nó an choláiste, agus rothaíonn 5% (Daonáireamh 2011). Tá gá le háiseanna ardchaighdeáin siúlóide agus rothaíochta chun níos mó daoine a spreagadh dul ag siúl agus ag rothaíocht chuig an scoil, chuig seirbhísí agus mar chaitheamh aimsire.

Is cathair mheánaoiseach í Cathair na Gaillimhe. Tá spás bóthair teoranta ann agus baintear an-úsáid as ár sráideanna – mar shampla, don draenáil, soilsiú, táirgí a sheachadadh, bruscar a bhailiú, boscaí bruscair, spásanna glasa, áit suíochán, siúl, rothaíocht, stadanna bus, páirceáil, tiomáint, súgradh, margaí, comharthaíocht srl. 

Cuirfear san áireamh an méid seo nuair a fhorbrófar an t-infreastruchtúr taistil ghníomhaigh, mar aon le riachtanais reachtaíochta (an soláthar san áireamh), agus treoir maidir le dearadh, lena n-áirítear an Lámhleabhar Náisiúnta Rothaíochta agus an Straitéis Ríocht Phoiblí.

Trí Thaisteal Gníomhach/Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe, soláthróidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe timpeallacht atá níos sábháilte, níos compordaí, do choisithe agus do rothaithe i gCathair na Gaillimhe.

Éascóidh an líonra gluaiseacht mhéadaithe na gcoisithe agus na rothaithe laistigh den chathair; cuirfidh sé feabhas ar nascthacht agus ar bhuaine; agus tacóidh sé le ríocht phoiblí atá mealltach, ionchuimsitheach agus beo beathach.

Cuireann áiseanna ardchaighdeáin siúil agus rothaíochta leis an rochtain ar iompar poiblí, agus cruthaíonn siad deiseanna chun roghanna taistil eile a úsáid seachas an gluaisteán atá níos inbhuanaithe agus níos gníomhaí le haghaidh turasanna gearra. Má tá níos lú gluaisteán ann inár gcathair, beidh feabhas ar an gcáilíocht aeir agus níos lú astaíochtaí a bhaineann leis an iompar chomh maith le costais bhreosla laghdaithe do thiománaithe atá ag bogadh go dtí modh iompair eile.

 
Bealaí do Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe

Molann Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe go mbeidh ordlathas de bhealaí rothaíochta ann, lena n-áirítear Glasbhealaí, agus Príomhbhóithre, Bóithre den Dara Grád agus Bóithre Friothálacha.

 

Is é príomhaidhm an Líonra ná timpeallacht shábháilte agus compordach a sholáthar do rothaithe sa chathair agus sa dúiche mórthimpeall, ag cur le méadú ar rothaíocht agus le haistriú modha ón ngluaisteán príobháideach go dtí an rothar. Soláthrófar áiseanna siúil freisin feadh an líonra.

Forbraíodh Líonra Rothaíochta Chathair na Gaillimhe mar thoradh ar staidéir mhóra a rinneadh mar chuid de Straitéis Iompair na Gaillimhe, de réir an Chomh-Chreatlaí Measúnachta do thionscadail agus do chláir Iompair.

Más féidir, déanfar na bealaí molta a leithscaradh go hiomlán agus ní bheidh rothaithe cóngarach do ghluaisteáin. I gcásanna eile, áirítear sa líonra lánaí rothar o-bóthair agus/nó lánaí bus leathana a fhreastalóidh ar bhusanna agus ar rothair araon ar na bealaí céanna (“Sráid Roinnte”). Más gá, tá bearta bainistíochta tráchta ann chun luas an trácht a laghdú, rud a fheabhsóidh an timpeallacht do choisithe, do rothaithe agus d’fheithiclí iompair phoiblí.

Toisc gur chathair mheánaoiseach í Gaillimh, tá teorainn ar an méid spáis atá ann ar mhórán de na bealaí.

De réir mar a théann na céimeanna forbartha chun cinn, beidh tuilleadh eolais le fáil ar gach bealach ag www.activetravelgalway.ie


Polasaí

Is tosaíocht é i roinnt doiciméad polasaí de chuid an rialtais, líonra iompair a fhorbairt atá inbhuanaithe, ar ardacmhainn agus a oibríonn go maith. Áirítear sna doiciméid seo Tionscadal Éireann 2040; An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2019; An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch don Réigiún Thuaidh agus Thiar, ina bhfuil an Plean Straitéiseach Mórcheantair Uirbigh ionchorpraithe; agus Dréachtphlean Forbartha Chathair na Gaillimhe.

Aithníonn na doiciméid náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla seo go léir na buntáistí a bhaineann le líonra rothaíochta príomhbhóithre, bóithre den dara grád agus bóithre friothálacha, ina bhfuil bealaí rothar leithscartha, lánaí rothar ar an mbóthar agus/nó lánaí bus leathana chun freastal ar bhusanna agus ar rothaithe araon (“Sráid Roinnte”) ar an mbealach céanna. Tá siad á dtacú ag an scéim Deontais do Bhearta Iompair Inbhuanaithe, agus á maoiniú ag an Údarás Náisiúnta Iompair.

 

 

Fogra Poiblí - Bóthar an Chlaí Bháin (Theas)

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1994.
Bearta Molta um Thaisteal Gníomhach / um Mhaolú Tráchta ar Bhóthar an Chlaí Bháin L-5001 (Theas)

Fógra Poiblí i gcomhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 (Alt 38) arna leasú leis an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Alt 46) Bearta chun seirbhísí bus poiblí a fheabhsú - bearta maolaithe tráchta, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici na bearta maolaithe tráchta seo a leanas ar Bhóthar an Chlaí Bháin (Theas) L-5001, idir Bóthar Dáileacháin an Iarthair agus Bóthar Sheanghoirt, Gaillimh.
Beidh an méid seo a leanas san fhorbairt a bheartaítear, atá faoi réir an fhógra Alt 38 seo:
• Pointí isteach acomhal ardaithe ag na hacomhail seo a leanas:
o Cúirt an Ghleanna (L-50011),
o Doire Gheal (L-50015),
o Cill Chaise,
o Fearnóg,
o Gairdíní Pháirc na Gaoithe (L-50012),
o Cúirt an Chlaí Bháin,
o Dún an Chlaí Bháin (L-50010),
o Cluain Airne (L-50013),
o Lána Uí Chiaragáin,
• Trasrianta coisithe ardaithe arna rialú ag solais tráchta / rabhchán Belisha ag na suíomhanna seo a leanas:
o Bóthar an Chlaí Bháin (L-5001) ag an ngéag theas d'acomhal an timpealláin le Bóthar Dáileacháin an Iarthair,
o Bóthar an Chlaí Bháin (L-5001) os comhair Siopaí an Chlaí Bháin,
o Bóthar an Chlaí Bháin (L-5001) ó dheas de Ghairdíní Pháirc na Gaoithe, agus
o Bóthar an Chlaí Bháin (L-5001) ó dheas de Lána Uí Chiaragáin,
• Stadanna Bus inlíne nua a sholáthar,
• Comharthaíocht (Solas Tráchta) acomhal Theas Bhóthar Sheanghoirt / Bhóthar an Chlaí Bháin (L-5003, L-5001, L-5132). Cuimseoidh an t-uasghrádú trasrianta coisithe arna rialú ag soilse tráchta ar gach géag de na hacomhail, agus
• Oibreacha coimhdeacha a sholáthar lena n-áirítear Athailíniú Colbhaí, Oibreacha Cosán, Tírdhreachú, Soilsiú Poiblí, athnuachan cosán agus comharthaí tráchta agus marcálacha bóthair.

Tá líníochtaí den uasghrádú beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ón 28 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 25 Samhain 2021 (gach lá gan deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí a áireamh idir 9.30 a.m. agus 12.30 p.m.) ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Mar gheall ar phaindéim Covid-19 ní féidir teacht ar oifigí na Comhairle ach amháin trí coinne a dhéanamh roimh ré. Téigh i dteagmháil le do thoil le Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091 536 400 nó customerservice@galwaycity.ie
Tá líníochtaí ar fáil lena n-iniúchadh ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: www.galwaycity.ie nó www.activetravelgalway.ie
Ba cheart breathnuithe agus aighneachtaí maidir leis an uasghrádú atá beartaithe a dhéanamh trí fhoirm ar líne (féach www.activetravelgalway.ie) nó i scríbhinn chuig Uinsinn Finn, Stiúrthóir Seirbhísí, Iompair & Pleanáil, Yeats College Annex, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó trí r-phost chuig activetravel@galwaycity.ie roimh 4.00 p.m. an 25 Samhain 2021.
Sínithe:
Uinsinn Finn,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Roinn Iompair, Pleanála & Forbartha Fisiciúla,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Líniochtaí

Bealach iomlán

Roinn A, B, C

Roinn D, E

Tuairisc S38

Tabhair Aiseolas - Foirm Ar Líne  (dúnta anois)

 

 

Fogra Poiblí - Bóthar Bhaile an Locháin

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1994.
Bearta Molta um Thaisteal Gníomhach/um Mhaolú Tráchta ar Bhóthar Bhaile an Locháin L-50441, L-5044 & L-5045 & Ascaill na Rinne Móire L-5046

Fógra Poiblí i gcomhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 (Alt 38) arna leasú leis an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Alt 46) Bearta chun seirbhísí bus poiblí a fheabhsú - bearta maolaithe tráchta, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici na bearta maolaithe tráchta seo a leanas ar Bhóthar Bhaile an Locháin (L-50441, L-5044 & L-5045) & Ascaill na Rinne Móire (L-5046), Gaillimh a sholáthar.
Beidh an méid seo a leanas san fhorbairt a bheartaítear, atá faoi réir an fhógra Alt 38 seo:
• Pointí isteach acomhal ardaithe ag na hacomhail seo a leanas:
o Ascaill Mhuirbhigh (L-5043),
o Páirc Mhuirbhigh (L-50433),
o Garrán na Mara (L-50431),
o Céide na Fiúsie (L-50465),
o Tearmann Eala (L-50432),
o Rochtain Giomnáisiam Kingfisher
o Melody's Court (L-50456)
o Ascaill an Chaorthainn (L-50461),
o Bealach isteach Ospidéal Bon Secours, Ascaill na Rinne Móire
• Trasrianta coisithe ardaithe arna rialú ag solais tráchta / rabhchán Belisha ag na suíomhanna seo a leanas:
o Bóthar Bhaile an Locháin (L-50441), ó thuaidh den iarnród,
o Ascaill na Rinne Móire (L-5046) (2 No.) Os comhair Scoil Chaitríona.
• Trasrian Coisithe Ardaithe Neamhrialaithe ag na suíomhanna seo a leanas:
o Bóthar Bhaile an Locháin (L-50441), ó dheas de Chéide na Fiúise,
o Bóthar Bhaile an Locháin (L-50441), ó dheas de Gharrán na Mara, agus
o Bóthar Bhaile an Locháin (L-50441), ó dheas d'Ascaill Mhuirbhigh.
• Bearta um mhaolú tráchta (Tulóg Mhoillithe / Rampaí) ar Bhóthar Bhaile an Locháin (L-50441), ó dheas den iarnród
• Bearta um mhaolú tráchta (Síntí Colbha / Siceáin) a chuimsíonn Trasrian Coisithe Ardaithe Neamhrialaithe ag na suíomhanna seo a leanas:
o Ascaill na Rinne Móire (L-5046) siar ó bhealach isteach an charrchlóis chuig Eaglais Chaitliceach Naomh Oliver Plunkett, a chuimsíonn Trasrian Coisithe Ardaithe Neamhrialaithe,
o Ascaill na Rinne Móire (L-5046) siar ón mbealach isteach cúil chuig Ospidéal Bon Secours, a chuimsíonn Trasrian Coisithe Ardaithe Neamhrialaithe, agus
o Ascaill na Rinne Móire (L-5046) siar ón acomhal comharthaíochta beartaithe Ascaill na Rinne Móir agus Bóthar Bhaile an Locháin.
• Stadanna Bus inlíne nua a sholáthar,
• Comharthaíocht (Soilse Tráchta) na n-acomhal seo a leanas:
o Acomhal Bhóthar Bhaile an Locháin (L-5045) agus an Bóthar Príobháideach (go Gaelscoil Dara),
o Acomhal Bhóthar Bhaile an Locháin (L-5045 & L-5044) agus Ascaill na Rinne Móire (L-5046), agus
o Acomhal Ascaill na Rinne Móire (L-5046) agus Bóthar na Rinne Móire (L-5046 & L-50442).
Cuimseoidh an t-uasghrádú trasrianta coisithe arna rialú ag soilse tráchta ar gach géag de na hacomhail,
• Marcanna Creasa Scoile agus idirghabhálacha ag na suíomhanna seo a leanas;
o Gaelscoil Dara - Bóthar Bhaile an Locháin (L-5045),
o Scoil Chaitríona - Ascaill na Rinne Móire (L-5046),
• Oibreacha coimhdeacha a sholáthar lena n-áirítear Athailíniú Colbhaí, Oibreacha Cosán, Tírdhreachú, Soilsiú Poiblí, athnuachan cosán agus comharthaí tráchta agus marcálacha bóthair.

Tá líníochtaí den uasghrádú beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag an bpobal ón 28 Deireadh Fómhair 2021 go dtí an 25 Samhain 2021 (gach lá gan deireadh seachtaine agus laethanta saoire poiblí a áireamh idir 9.30 a.m. agus 12.30 p.m.) ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Mar gheall ar phaindéim Covid-19 ní féidir teacht ar oifigí na Comhairle ach amháin trí coinne a dhéanamh roimh ré. Téigh i dteagmháil le do thoil le Seirbhísí do Chustaiméirí ar 091 536 400 nó customerservice@galwaycity.ie
Tá líníochtaí ar fáil lena n-iniúchadh ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe: www.galwaycity.ie nó www.activetravelgalway.ie
Ba cheart breathnuithe agus aighneachtaí maidir leis an uasghrádú atá beartaithe a dhéanamh trí fhoirm ar líne (féach www.activetravelgalway.ie) nó i scríbhinn chuig Uinsinn Finn, Stiúrthóir Seirbhísí, Iompair & Pleanáil, Yeats College Annex, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó trí r-phost chuig activetravel@galwaycity.ie roimh 4.00 p.m. an 25 Samhain 2021.
Sínithe:
Uinsinn Finn,
Stiúrthóir Seirbhísí,
An Roinn Iompair, Pleanála & Forbartha Fisiciúla,
Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Tuairisc S38

Líniochtaí

Bóthar Bhaile an Locháin  Ascaill na Rinne Móire – Roinn A

Bóthar Bhaile an Locháin  Ascaill na Rinne Móire – Roinn B

Bóthar Bhaile an Locháin  Ascaill na Rinne Móire – Roinn C

Bóthar Bhaile an Locháin  Ascaill na Rinne Móire – Roinn D

Ascaill na Rinne Móire – Líniocht 1

Ascaill na Rinne Móire – Líniocht 2

Tabhair Aiseolas - Foirm Ar Líne  (dúnta anois)

 

Fogra Poiblí - Canáil Eglinton

Nuashonrú Bealtaine 2023;

Réamhfhógra Scéim Taisteal Gníomhach ar Chanáil Eglinton - Feabhsófar siúlbhealaí agus slí bhóithre in Iarthar Chathair na Gaillimhe

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994

Taisteal Gníomhach / Bearta Maolaithe Tráchta atá beartaithe ar L-51012 Bóthar na Canála Uachtarach agus L-51011 Bóthar na Canála Íochtarach (Canáil Eglinton)

Fógra poiblí i gcomhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 (Alt 38) arna leasú ag An tAcht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Alt 46) Bearta chun seirbhísí bus poiblí a fheabhsú — bearta maolaithe tráchta, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici na bearta maolaithe tráchta seo a leanas a sholáthar ar L-51012 Bóthar na Canála Uachtarach agus L-51011 Bóthar na Canála Íochtarach (Canáil Eglinton), Gaillimh.

Beidh an méid seo a leanas san fhorbairt atá beartaithe, atá mar ábhar an Alt 38 seo:

Bealach isteach acomhal ardaithe ag acomhal Bhóthar na hOllscoile / Bóthar na Canála Uachtarach (R-863 / L-51012),
Trasrian coisithe ardaithe faoi rialú solais tráchta / Belisha Beacon ag Bóthar na Toirbhearta (L-5101),
Trasrian coisithe ardaithe faoi rialú solais tráchta / Belisha Beacon ag An Bóthar Nua (L-5116),
Trasrian coisithe ardaithe faoi rialú solais tráchta / Belisha Beacon ag Sráid Dhoiminic Uachtarach / Sráid Dhoiminic Íochtarach/ Ardán na bhFiach (L-5108, L-5103, L-5107),
Trasrian coisithe ardaithe faoi rialú solais tráchta / Belisha Beacon ag Bóthar an Athar Uí Ghríofa / Ardán na bhFiach / Cé an Chladaigh (R-336, L-5107, L-5061),
Uasghrádú ar na cosáin / dromchlaí atá ann cheana agus cinn nua a sholáthar ar Bhóthar na Canála Uachtarach (L-51012) agus Bóthar na Canála Íochtarach (L-51011), agus
Comharthaí tráchta agus marcálacha bóthair cuí a sholáthar.
 

Tá líníochtaí den uasghrádú atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ón bpobal ón 1ú Deireadh Fomhair 2021 go dtí 29ú Deireadh Fomhair 2021 (gach lá lena n-áirítear deireadh seachtainí agus laethanta saoire poiblí ó 9.30 r.n.. go dtí 12.30 i.n.) ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 is gá coinne a dhéanamh chun dul isteach in oifigí na Comhairle. Déan teagmháil, le do thoil, do Seirbhísí Chustaiméirí ar 091 536 400 nó customerservice@galwaycity.ie

 

Tá líníochtaí ar fáil freisin lena iniúchadh ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:  www.galwaycity.ie nó www.activetravelgalway.ie

Ba cheart breathnuithe agus aighneachtaí maidir leis an uasghrádú atá beartaithe a dhéanamh ar line (feach ar www.activetravelgalway.ie) nó i scríbhinn agus ba chóir iad a sheoladh chuig an Uasal Uinsinn Finn, G/ Stiúrthóir Seirbhísí, Iompar & Pleanáil, Fortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó ríomhphost a sheoladh chuig activetravel@galwaycity.ie roimh 4.00 i.n. ar an 29ú Deireadh Fomhair 2021.

 Sínithe:     

Uinsinn Finn, G/ Stiúrthóir Seirbhísí,

An Roinn Iompair, Pleanála & Forbartha Fisiciúla,

Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Bealach Iomlán

Liniocht - Roinn A

Liniocht - Roinn B

Liniocht - Roinn C

Tuairisc S38

Tabhair Aiseolas - Foirm Ar Líne  (dúnta anois)

 

 

Fogra Poiblí - Bóthar Dhabhach Uisce

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1994

Líonra Rothaíochta Beartaithe na Gaillimhe / Bearta Maolaithe Tráchta ar Bhóthar Dhabhach Uisce L-5036 (Theas)

Fógra poiblí i gcomhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994 (Alt 38) arna leasú ag An tAcht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Alt 46) Bearta chun seirbhísí bus poiblí a fheabhsú — bearta maolaithe tráchta, tugann Comhairle Cathrach na Gaillimhe fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici na bearta maolaithe tráchta seo a leanas a sholáthar ar Bhóthar Dhabhach Uisce (L-5036) (Theas), Gaillimh.

Beidh an méid seo a leanas san fhorbairt atá beartaithe, atá mar ábhar an fhógra Alt 38 seo:

·         Acomhal ardaithe faoi rialú soilse tráchta ag acomhal Bhóthar Dhabhach Uisce Theas / Ros Caoin,

·         Trasbhealaí ardaithe coisithe faoi rialú soilse tráchta ag Bóthar Dhabhach Uisce Theas (L-5036),

·         Cóireálacha acomhail ardaithe feadh Bhóthar Dhabhach Uisce Theas ar:

o   Club CLG An Caisleán Gearr,

o   Bóthar Dhúrabháin (L-50367),

o   Bóthar Dhuirlinge (L-50366),

o   Caiseal Cam,

o   Garraí Sheáin,

o   Páirc Ros Cam (L-50365), agus

o   Radharc an Chaisleáin

·         Uasghrádú ar chosáin / dromchlaí atá ann cheana agus cinn nua a sholáthar feadh Bhóthar Dhabhach Uisce Theas (L-5036),

·         Lánaí / raonta rothar nua a sholáthar feadh Bhóthar Dhabhach Uisce Theas (L-5036), agus

·         Comharthaí tráchta agus marcálacha bóthair cuí a sholáthar.

Tá líníochtaí den uasghrádú atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ón bpobal ón 1ú Deireadh Fomhair 2021 go dtí 29ú Deireadh Fomhair 2021 (gach lá lena n-áirítear deireadh seachtainí agus laethanta saoire poiblí ó 9.30 r.n.. go dtí 12.30 i.n.) ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Bóthar an Choláiste, Gaillimh. Mar gheall ar an bpaindéim Covid-19 is gá coinne a dhéanamh chun dul isteach in oifigí na Comhairle. Déan teagmháil, le do thoil, do Seirbhísí Chustaiméirí ar 091 536 400 nó customerservice@galwaycity.ie

 

Tá líníochtaí ar fáil freisin lena iniúchadh ar láithreán gréasáin Chomhairle Cathrach na Gaillimhe:  www.galwaycity.ie nó www.activetravelgalway.ie

 

Ba cheart breathnuithe agus aighneachtaí maidir leis an uasghrádú atá beartaithe a dhéanamh ar line (feach ar www.activetravelgalway.ie) nó i scríbhinn agus ba chóir iad a sheoladh chuig an Uasal Uinsinn Finn, G/ Stiúrthóir Seirbhísí, Iompar & Pleanáil, Fortheach Choláiste Yeats, Bóthar an Choláiste, Gaillimh nó ríomhphost a sheoladh chuig activetravel@galwaycity.ie roimh 4.00 i.n. ar an 29ú Deireadh Fomhair 2021.

Sínithe:     

Uinsinn Finn, G/ Stiúrthóir Seirbhísí,

An Roinn Iompair, Pleanála & Forbartha Fisiciúla,

Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 

Tuairisc Thorthaí S38

Tuairisc S38

AA Screening Report

AA Screening Determination

EIA Screening Report

EIA Screening Determination

Stage 1 Road Safety Audit

Liniocht - Roinn 1

Liniocht - Roinn 2

Liniocht - Roinn 3

 

 

 Maoinitheoirí

Funder Active Travel Cycle Network